An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Breathnach"
Content deleted Content added
No edit summary |
m naisc |
||
Líne 1:
Rugadh '''Micheál Breathnach''' (1881-1908) ar an Lochán Beag, i [[Cois Fharraige|gCois Fharraige]] an [[16 Meán Fómhair|16ú Meán Fómhair]] [[1881]]. D’fhreastail sé ar scoil an Chnoic. Is ansin a d’fhoghlaim sé Béarla ar dtús. Bhí sé ina chúntóir sa scoil sin níos deireanaí. Nuair a bhí sé fiche bliain d’aois, fuair sé post mar Rúnaí ar Chraobh Londain de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Scríobh sé aistí do [[An Claidheamh Solais]]. Foilsíodh ‘Cuan na Mara agus a Mhuintir’ in Irisleabhar na [[Gaeilge]]. Bhí duais Oireachtais bainte amach ag an aiste sin i 1903. Ceithre bliana a chaith sé i [[Londain]], áit a raibh sé gnóthach in imeachtaí an Chonartha.
Thugadh sé ranganna Gaeilge i Londain. Ar Londain a fhágáil dó, fuair sé post mar Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht, i
Scríobh sé go leor aistí, agus filíocht, a foilsíodh sna hirisleabhair Ghaeilge ag an am. Chuir sé Gaeilge ar Knocknagow, Charles Kickham, thart ar 1905, agus foilsíodh cuid de i 1906, an chuid eile tar éis a bháis.
Bhiodh sé ag triall ar an [[Eilbhéis]] ar mhaithe lena shláinte, agus rinne sé cur síos ar an tír sin ina chuid aistí, a foilsíodh in An Claidheamh Solais, agus a foilsíodh ina dhiaidh sin faoin teideal ‘Seilg i measc na nAlp’. D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge ‘Stair na hÉireann’, i 1906. Ní raibh aon fheabhas ar a shláinte i 1908, agus bhí air cur faoi i dteach altranais, i
Ta sé curtha i reilig an Chnoic, ina cheantar dúchais. Sheinn [[Éamon Ceant]] ar a shochraid. Sa mbliain 1980, chuir [[Seosamh Ó Braonáin]] leagan nua de ‘Seilg i measc na nAlp’ amach sa litriú caighdeánach. Bhí clár cuimhneacháin ar [[Raidió na Gaeltachta]], sa mbliain 1981, céad bliain tar éis a bhreithe.
==Naisc==
|