An difríocht idir athruithe ar: "Tuusula"

Content deleted Content added
m robot Modifying: et:Tuusula vald
No edit summary
Líne 2:
Ceantar ([[Fionlainnis]]: ''kunta'') ar aon leibhéal le cathair é '''Tuusula''' ([[Sualainnis]]: ''Tusby'') agus é suite sách cóngarach do [[Heilsincí]] ([[An Fhionlainn]]), cé nach bhfuil sé ag críochantacht leis an bpríomhchathair.
 
Is iad na cathracha is na ceantair a bhfuil teorainneacha ag Tuusula leo ná [[Järvenpää]], [[Vantaa]], [[Nurmijärvi]], [[Hyvinkää]], [[Mäntsälä]], [[Sipoo]], agus [[Kerava]]. Tá Tuusula suite timpeall an locha úd [[Tuusulanjärvi]]. Tá trí shráidbhaile nó áitreabh i dTuusula, mar atá, Hyrylä (Sualainnis: ''Skavaböle'', 20,000 duine), Kellokoski (Sualainnis: ''Mariefors'', 4,300 duine), agus Jokela (5,300 duine). Bhí an áit dátheangach go dtí an bhliain 1943, ach anois, níl ach an Fhionlainnis oifigiúil sa cheantar. Mar sin féin, maireann pobal beag Sualainnise i ndeisceart an cheantair.
 
Ba luath a thosaigh Tuusula ag dul chun tionsclaíochta, agus inniu féin, níl an dífhostaíocht go dona san áit. Sa bhliain 1915, bunaíodh ospidéal siciatrach i gKellokoski.