An difríocht idir athruithe ar: "Earnán de Blaghd"
Content deleted Content added
No edit summary |
Guliolopez (plé | dréachtaí) m Naisc |
||
Líne 1:
Polaiteoir, réabhlóidí, agus bainisteoir amharclainne [[Éire]]annach ab ea é '''Earnán de Blaghd''' (Béarla: ''Ernest Blythe''). An 13 Aibreán 1889 a rugadh, an 23 Feabhra 1975 a cailleadh.
[[Protastúnachas|Protastúnach]] as Machaire na gCeall ab ea de Blaghd. Bhí sé ina bhall den [[IRB]] agus de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] agus ghlac sé páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann. Nuair a bhí [[Éirí Amach na Cásca]] faoi lán tseoil i m[[Baile Átha Cliath]], bhí seisean díreach tar éis a bheith curtha sa phríosún. Thug sé an-tacaíocht don [[Conradh Angla-Éireannach|Chonradh Angla-Éireannach]]. Toghadh é ina [[Teachta Dála|Theachta Dála]] do Mhuineachán Thuaidh sa bhliain 1918 agus ó shin go 1922 bhí sé ina Aire ar an Roinn Tionscail agus Trádála. Ceapadh ina Aire Airgeadais é nuair a bhí rialtas [[Liam Tomás Mac Cosgair]] ann. Cáineadh go géar é nuair a d'ísligh sé an pinsean ó deich scilling go naoi scilling; chaill sé a shuíochán san bhliain 1933. Sna 1930í bhí sé ina bhall
Bhí sé ina [[Gaeilgeoir|Ghaeilgeoir]] dílis riamh, agus is eisean a rinne an cinneadh deontas stáit a thabhairt chun go mbunófaí [[Taibhdhearc na Gaillimhe]], amharclann náisiúnta na Gaeilge, sa bhliain 1927. D'fhoilsigh sé trí leabhar dírbheathaisnéise sa Ghaeilge, mar atá, ''Trasna na Bóinne'' (1957), ''Slán le hUltaibh'' (1971), agus ''Gaeil á Múscailt'' (1973).
==Foinsí==
*'Ernest Blythe', ''The Encyclopedia of Ireland'', Gill & Macmillan Ltd, 2003
[[Catagóir:Polaiteoirí na hÉireann|Blaghd, Earnán de]]
|