An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Seosamh Ó Rathaille"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Litriú, íomhá eile, ceannlínte
Líne 1:
Náisiúnaí [[Éire|Éireannach]] a ghlac páirt in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]] ab ea '''Mícheál Seosamh Ó Rathaille''' ([[22 Aibreán]], [[1875]] - [[29 Aibreán]], [[1916]]).
Rugadh '''Mícheál Seosamh Ó Rathaille''', nó ''The O'Rahilly'' ("An Rathailleach"), mar a thugtaí air go minic, ar an [[22 Aibreán|22ú lá de Mhí Aibreáin]] sa bhliain [[1875]] i m[[Béal Átha Longphoirt]], [[Contae Chiarraí]], agus cailleadh é ar an [[29 Aibreán|29ú lá de Mhí Aibreáin]], [[1916]], i m[[Baile Átha Cliath]]. Náisiúnaí [[Éire]]annach ab ea é, agus fuair sé bás i bpáirc an áir in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]]. Bhí sé ina Phoblachtach diograiseach, agus é ina bhall de Choiste Gnó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Fear mór taistil a bhí ann, nó chaith sé conablach deich mbliana sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] agus san [[An Eoraip|Eoraip]], sular chuir sé faoi i m[[Baile Átha Cliath]]. Bhí sé measartha saibhir, nó nuair a bhí an tÉirí Amach thart, bhí sé le léamh ar an ''[[Irish Times]]'' go raibh ioncam tráthrialta £900 i ndiaidh na bliana aige, agus é ag caitheamh cuid mhaith de ag tabhairt tacaíochta do chúis na Náisiúnaithe.
 
== Luathshaol ==
Rugadh '''Mícheál Seosamh Ó Rathaille''', nó ''The O'Rahilly'' ("An Rathailleach"), mar a thugtaí air go minic, ar an [[22 Aibreán|22ú lá de Mhí Aibreáin]] sa bhliain [[1875]] i m[[Béal Átha Longphoirt]], [[Contae Chiarraí]], agus cailleadh é ar an [[29 Aibreán|29ú lá de Mhí Aibreáin]], [[1916]], i m[[Baile Átha Cliath]]. Náisiúnaí [[Éire]]annach ab ea é, agus fuair sé bás i bpáirc an áir in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]]. Bhí sé ina Phoblachtach diograiseachdíograiseach, agus é ina bhall de Choiste Gnó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Fear mór taistil a bhí ann, nó chaith sé conablach deich mbliana sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] agus san [[An Eoraip|Eoraip]], sular chuir sé faoi i m[[Baile Átha Cliath]]. Bhí sé measartha saibhir, nó nuair a bhí an tÉirí Amach thart, bhí sé le léamh ar an ''[[Irish Times]]'' go raibh ioncam tráthrialta £900 i ndiaidh na bliana aige, agus é ag caitheamh cuid mhaith de ag tabhairt tacaíochta do chúis na Náisiúnaithe.
[[Íomhá:The_O'Rahilly_Ballylongford3.jpg|190px|thumb|]]
 
Níos tabhachtaítábhachtaí fós, bhí sé ar duine de bhunaitheoirí [[Óglaigh na hÉireann]]. Le cabhair [[Robert Erskine Childers|Erskine Childers]] agus na Gearmáine, d'eagraigh sé an chéad lastas arm leis na hÓglaigh a armáil. Raidhfilí Mauser a bhí ann, agus iad le teacht i dtír i m[[Binn Éadair]].
 
== Óglaigh na hÉireann ==
Ní raibh sé ina bhall de [[Bráithreachas na Poblachta|Bhráithreachas na Poblachta]], agus dá thoradh sin ní raibh a fhios aige go raibh an t[[Éirí Amach na Cásca|Éirí Amach]] ar na bacáin. Rinne an Bráithreachas iarracht na pleananna a choinneáil folaithe ar dhaoine mar [[Bulmer Hobson]], [[Eoin Mac Néill]] agus Ó Raithille, nó bhí siad den bharúil nár chóir dul chun ceannairce ar na Sasanaigh, mura mbeidís siúd ag iarraidh na hÓglaigh a ionsaí. Nuair a fuair Bulmer Hobson amach faoi na pleananna, d'fhuadaigh an Bráithreachas é, ar eagla go sceithfeadh sé orthu, ach ansin, chuala an Rathailleach iomrá ar an bhfuadach. Chuaigh sé go [[Scoil Éanna]] le labhairt le [[Pádraig Mac Piarais]]. Bhí fearg an domhain air, agus bhagair sé aon duine a lámhach a dhéanfadh iarracht an cleas céanna a imirt airsean. D'éirigh leis an bPiarsach maolú ar a fhearg, ach mar sin féin, bhí sé meáite ar an Éirí Amach a chosc. I ndiaidh dó imeacht leis ó scoil an Phiarsaigh, chaith sé an oíche ar fad ag tiomáint timpeall na tíre, agus é ag tabhairt orduithe ó [[Eoin Mac Néill]] do cheannairí na nÓglach i [[Contae Luimnigh|Luimneach]], i g[[Contae Chorcaí|Corcaigh]], i g[[Contae Chiarraí|Ciarraí]], agus i d[[Contae Thiobraid Árann|Tiobraid Árann]] staonadh ón gcath. Mar sin, d'éirigh leis an tÉirí Amach a stopadh sa tír ar fad, ach amháin i m[[Baile Átha Cliath]] féin.
 
== Eirí Amach na Cásca ==
D'fhill sé abhaile agus chuala sé go rachadh an tÉirí Amach ar aghaidh ar aon chaoi, ar Luan na Cásca. D'ainneoin a chuid iarrachtaí an cheannairc a chur ar ceal, agus d'ainneoin a dhiantuairime go raibh an tÉirí Amach teipthe cibé scéal é, chuaigh se i dteagmháil leis na ceannairí - an Piarsach, [[Séamas Ó Conghaile]] agus an chuid eile acu - le go bhféadfadh sé páirt a ghlacadh sa cheannairc mar sin féin. Cheap sé go mba cheart go dtroidfeadh sé in éineacht leis na hÓglaigh, ó chabhraigh sé an oiread sin leis an eagraíocht a chruthú.
 
Le linn an Éirí Amach, bhí sé ag troid in [[Ard-Oifig an Phoist]], ach ó bhí sé feargach leis na ceannairí i gcónaí, d'fhan sé an chuid ba mhó den am thuas an staighre, le nach gcaithfeadh sé a bheith i dteagmháil leo siúd.
 
I ndiaidh an Éirí Amach, dúirt an Dara Leifteanant A.D. Chalmers leis na nuachtáin go raibh an Rathailleach ina cheann mhaith dó. Ar dtús, chuir [[Mícheál Ó Coileáin]], nach raibh ann san am seo ach Captaen óg de chuid na nÓglach, ceangal na gcúig gcaol air agus d'fhág mar sin é i mbocsambosca teileafóin. Trí huaire an chloig ina dhiaidh sin, scaoil na hÓglaigh as an doghrainn é agus thug siad go hArd-Oifig an Phoist é. Nuair a chonaic an Rathailleach é, chuir sé ag coinneáil súile ar an taisceánaicsean é, lena chinntiú nach ngoidfeadh aon duine a dhath, agus thug sé rabhadh dá chuid fear féachaint chuige nach ndéanfadh aon duine dochar don tsaighdiúir.
 
Dé hAoine, an 28ú lá de Mhi Aibreáin, agus Oifig an Phoist trí thine, thairg sé grúpa fear a thabhairt leis agus slí éalaithe a fháil. Ag trasnú Shráid Uí Mhórdha dóibh, fuair siad iad féin faoi thine ó mheaisínghunna de chuid na Sasanach. Ghoin an meaisínghunna an Rathailleach go dona, agus thit sé ina chnap ar an tsráid, ar thairseach os comhair dorais éigin. Bhí sé ag cur na sruthanna fola, ach ina dhiaidh sin féin, d'éirigh leis ruathar a thabhairt trasna na sráide, i dtreo Lána Sackville (inniu, Paráid Uí Rathaille). D'aimsigh an meaisínghunna é arís, ansin.
 
Tá an dá bh'fhéidir ann, ach deirtear go raibh sé ina bheo i gcónaí, naoi n-uaire an chloig i ndiaidh an eachtra seo, ó oíche na hAoine go dtí tráthnóna an tSathairn, nuair a bhí na hÓglaigh tar éis géilleadh do na Sasanaigh cheana féin. Tríocha bliain i ndiaidh na n-imeachtaí, breacadh an ráiteas síos ón tiománaí otharchairr Albert Mitchell go raibh sé díreach ag tiomáint, tamall roimh an deireadh seachtaine nó ina thús, nuair a tharraing sáirsint a aird ar chorp a bhí ina luí thíos i ngáitéar Shráid Uí Mhórdha, agus é gléasta i gculaith iathghlas na hÉireann. Is cosúil go raibh an fear ina bheo fós, agus thug Mitchell in amhail é a iompar go dtí an t-otharcharr. Ansin, áfach, tháinig oifigeach Sasanach trasna chuige, agus choisc sé air agus ar a fhoireann baint don fhear. Bhí orthu, mar sin, an fear a fhágáil an áit a raibh sé, agus é ag saothrú an bháis. Tháinig siad ar ais níos deanaídéanaí, agus bhí saighdiúir ag gardáil na háite. Dúradh le Mitchell ina dhiaidh sin gurbh é an Rathailleach a bhí ann.
 
== Cuimhneachán ==
[[Íomhá:The O'Rahilly memorial, O'Rahilly Parade, Dublin.jpg|clé|250px|thumb|Plaic cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath leis an teachtaireacht dheireanach a scríobh an Rathailleach.]]
D'ainneoin é a bheith i bpian mhór agus an bás ag druidim leis, scríobh an Rathailleach teachtaireacht dheireanach chuig a bhean chéile, Nancy. Seo a raibh le léamh ansin:
 
"Scríofa i ndiaidh an urchair a bhuail mé. A ghrá gheal, a Nancy, bhuail urchar mé díreach nuair a bhí mé ag treorú lucht ruathair suas sráid Uí Mhórdha. Fuair mé foscadh i ndoras éigin. Chuala mé fir ag dhíriú orm agus rith mé síos an lána, áit a bhfuil mé anois. Tá níos mó ná piléar amhainamháin ionam, is dóigh liom. Grá mór duit, a mhuirnín, do na buachaillí agus do Neill is d'Anna. Troid mhaith a bhí ann ar aon nós.
 
Le do thoil seachaid chuig Nannie Uí Rathaille, 40 Páirc Herbert, Baile Átha Cliath. Slán a chailín mo chroí."