An difríocht idir athruithe ar: "Colm Cille"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Columba at Bridei's fort.jpg|thumb|Colm Cille agus [[na Cruithnigh]].]]
Is é '''Colm Cille''' (Colmcille) an naomh [[Gael|Gaelach]] is mó a urramaítear go traidisiúnta i g[[Cúige Uladh]]. Rugadh sa bhliain 521 é i n[[Gartán]]. Bhí pór uasal ann, agus gaol aige leis na h[[Uí Néill]] - le sliocht [[Niall Naoighiallach|Néill Naoighiallaigh]], ríthe Gaelacha Uladh. Is é Criomhthann nó Criomhachán an chéad ainm a baisteadh air, ach ós rud é go raibh sé ina aifreannach díograiseach dúthrachtach, agus é ag tarraingt ar an eaglais ó bhí sé óg, thosaigh na daoine ag tabhairt Colm na Cille air.
 
Bhí Colm Cille ar thóir Dé agus an léinn, agus tharraing sé air idir léann na [[Críostaíocht]]a agus léann dúchasach na nGael sna scoileanna ar ar fhreastail sé i g[[Contae an Dúin]] agus i g[[Cúige Laighean]]. Nuair a bhí an scolaíocht críochnaithe aige, chuaigh sé ag déanamh misinéireachta in Ultaibh. Is iomaí mainistir agus scoil a bhunaigh sé.