An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"
Content deleted Content added
Póilíniú, not póiliniú. See focal.ie |
|||
Líne 21:
==Cúiseanna==
B'é an Conradh Angla-Éireannach príomhchúis an chogaidh. Conradh ab ea é a bhí ceaptha le rialtas dúchais a thabhairt do na hÉireannaigh, i gcruth is go mbeadh siad, nó an chuid ba mhó acu, á
Cé go raibh ceist na Sé gContae tábhachtach, ní raibh sí ag déanamh scime go príomha ach do mhuintir náisiúnaíoch na gcontaetha sin féin. Thairis sin, bhí cuid mhaith de na daoine barúlach nach mbeadh mórán teacht aniar i stáitín saorga an oir-thuaiscirt cibé scéal é, agus iad ag súil leis go dtitfeadh sé leis an deisceart agus an t-iarthar roimh i bhfad. Shíl siad go socródh [[Coimisiún na Teorann]] an teorainn ar bhealach nach gceadódh do na Sé Chontae fad saoil a bhaint amach mar shlánaonad geilleagrach iontu féin. Bhí daoine ann, freisin, nár thuig cé chomh láidir agus a bhí féiniúlacht leithleasach na b[[Protastúnach]] thuaidh. Ós rud é gur Protastúnaigh a bhí i gcuid mhaith de phríomhsmaointeoirí an náisiúnachais Éireannaigh, chreid a lán Gael nach mairfeadh scarúnachas an oir-thuaiscirt Phrotastúnaigh ach seal. Ní bheadh ann ach filleadh ar a seandúchas féin, dá gcinnfeadh a bhformhór leor a ghabháil le stát neamhspleách na hÉireann agus a gcuid féin a dhéanamh de. Ní bheadh a leithéid ag teacht salach ar a dtraidisiún, ar a laghad.
|