An difríocht idir athruithe ar: "Incigh"

Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
ba is correctly NOT contracted to b' before pronouns
m Naisc
Líne 25:
===Pachacuti, "a Chuir an Talamh ag Creathnú"===
 
Níor thosaigh an Impireacht ag dul i bhfairsinge ach faoi réimeas [[Pachacuti]], nó "An Talamhchroitheadóir". Bhí sé ar an naoú Sapa Inca a bhí ag rialú ríocht Cuzco, agus tháinig sé i seilbh na cumhachta sa bhliain [[1438]]. Saighdiúir den chéad scoth a bhí ann, de réir scéalaíocht na nInceach, agus tháinig a éirim chun solais an chéad uair ina fhear óg dó. Insíonn an scéal go raibh na ''Chankas'' díreach ag ionsaí Cuzco, agus idir athair agus dheartháir Pachacuti ag teitheadh lena n-anam. (Ba iad na ''Chankas'' an treibh ba mhó a bhí ag déanamh scime do na hIncigh san am seo mar naimhde, agus cónaí orthu i réigiún Apurimac.) Ba é Pachacuti a spreag arm na nInceach chun a ndúiche féin a chosaint, agus sa deireadh, fuair siad an ceann is fearr ar an namhaid. Chuaigh Pachacuti i dtáin na laochra, agus deireadh na scéalaithe ina dhiaidh sin gur éirigh na clocha féin amach le troid a chur ar na ''Chankas''.
 
Le cuidiú óna mhac, Tupac Yupanqui, d'éirigh le [[Pachacuti]] an cathairstát a iompú ina impireacht. Sa bhliain 1471, nuair a fuair sé bás, bhí sé tar éis Peiriú agus an Bholaiv (de réir theorainneacha an lae inniu) a shealbhú do na hIncigh, chomh maith le codanna den tSile, Eacuadór, agus tuaisceart na hAirgintíne.
 
Bhí ciall aige do chúrsaí an riaracháin freisin, nó ba eisean a dhealaigh an Impireacht ina ceithre chúige. Chuir sé gobharnóir nó ''apo'' ag rialú gach cúige, agus miontaoisigh, ''t'oqrikoq'' ag rialú na gceantar agus iad dílis don ''apo''. San am céanna, áfach, d'fhéach sé chuige nach mbeadh aon chumhacht ag an ''apo'' ar na sagairt áitiúla ná ar na saighdiúirí a bheadh ar garastún sa chúige. Nuair a tháinig na Spáinnigh go dtí an Impireacht, bhí timpeall ar 15 ''t'oqrikoq'' faoi gach ''apo'', ach is dócha nach raibh siad chomh líonmhar nuair a chuir Pachakuti tús leis an gcóras.
Líne 37:
===I nDiaidh Pachacuti===
[[Íomhá:Sacsayhuamán Décembre 2006.jpg|thumb|250px|Sacsayhuamán, Cuzco]]
Shíothlaigh [[Pachacuti]] sa bhliain 1471. Ba é a mhac, an ginearál éirimiúil Tupac Inca Yupanqui, a fuair céim an t''Sapa Inca'' ina dhiaidh. Lean Tupac Inca leis ag cur cogaidh ar na comharsana, agus chloígh sé Ríocht Chimu ar an gcósta. Shroich impireacht Tupac Inca a fhad le Colóim an lae inniu. Níor éirigh le Tupac Inca ná lena mhac, Huayna Capac, na ''Mapuche'' sa tSile a chloí, áfach. Sa Chath chois Abhainn Maule, chuaigh ascnamh na dtrúpaí Inceacha in abar, agus tháinig deireadh le fairsingiú na hImpireachta ó dheas.
 
Bhí Huayna Capac ina Impire ar ''Tawantinsuyu'' sna blianta 1493-1527. Chaith sé an chuid ba mhó den am ag cur cogaí sna críocha thuaidh, i bhfad ar shiúl ó Cuzco, agus é féin den tuairim nár mhiste dara príomhchathair a ghairm de Quito. Fuair sé bás le galar a mharaigh go leor de mhuintir a thíre san am, agus creidtear gurbh í an bholgach a bhí ann - aicíd a tháinig go dtí an tOileán Úr leis na hEorpaigh, agus í ag dul ar aghaidh ansin roimh na ''[[Conquistadores]]'' féin.