An difríocht idir athruithe ar: "Armia Krajowa"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) Wikify |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[File:P3010161.JPG|thumb|upright|Séadchomhartha cuimhneacháin, Rzeszów, An Pholainn]]
Ba é '''''Armia Krajowa''''', nó ''An tArm Intíre'', an ghluaiseacht frithbheartaíochta ba mhó sa [[An Pholainn|Pholainn]] i rith [[an Dara Cogadh Domhanda]]. Ba é ''Związek Walki Zbrojnej'' ("Aontas na Gleice Armtha") ba chéadsíol leis an Arm Intíre, agus fuair sé an t-ainm nua i Mí Feabhra [[1942]]. Ina dhiaidh sin, chuaigh an chuid ba mhó de na gluaiseachtaí frithbheartaíochta leis an Arm Intíre. D'fhan an tArm dílis don rialtas ''émigré'' i Sasana, agus is gnách dearcadh air mar arm na Polainne Rúnda i rith an chogaidh. Is deacair a rá cé mhéad treallchogaithe a bhí ann ar fad, ach is dócha go raibh líon na saighdiúirí rúnda seo idir 200,000 agus 600,000. Scoireadh an tArm Intíre ar an 20 Eanáir 1945, nuair a bhí an chuid ba mhó de na Gearmánaigh bailithe leo agus iad ag teitheadh roimh an [[Arm Sóivéadach]].
Ba é an ''Kotwica'' suaitheantas agus siombail an Airm. Siombail is ea é atá ag breathnú cosúil le hancaire (''kotwica'' as Polainnis), agus í curtha le chéile as na litreacha P agus W a sheasann do na focail ''Polska Walcząca'' - "An Pholainn ag Troid".
{{commonscat}}
|