An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
Líne 8:
 
Rugadh Séamus Ó Grianna i Reann na Feirste (''Rinn'' na Feirste an leagan caighdeánta) sna Rosa sa bhliain 1889. Ina ghearrstócach dó, chaith sé tamall ag sclábhaíocht ar an Lagán agus in Albain, agus b'ansin a casadh náisiúnaithe Éireannacha air an chéad uair. Léigh sé dialann phríosúin [[Seán Mistéal|Sheáin Mhistéil]], ceann de scríbhinní canónta an náisiúnachais Éireannaigh, agus chuaigh sé féin leis an náisiúnachas. I ndiaidh na tréimhse a chaith sé ina náibhí, d'éirigh leis dintiúirí an mhúinteora bunscoile a bhaint amach. Níor chaith sé ach tamall gairid ina mhúinteoir, ó nach raibh an obair ag teacht leis.
 
Bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad, agus é in aghaidh an tSaorstáit. Ní raibh sé ag cur catha go díreach, áfach, nó bhí seisean agus a dheartháir, Seosamh, ag scríobh is ag stáitsiú drámaí beaga bolscaireachta mar chineál ''biblia pauperum'' le muintir na tuaithe a spreagadh chun Poblachtánachais. Tháinig na Saorstátairí ar a lorg go héasca, áfach, agus chaith siad an chuid ab fhearr den chogadh i mbraighdeánas. Tréimhse dhearóil ab ea é an phríosúnacht seo i saol Shéamuis Uí Ghrianna, agus níor chaith sé mórán dúthrachta le cur síos a thabhairt uirthi ina chuid scríbhinní.
 
Chaith Séamus seal ina eagarthóir ar mhíosachán Chonradh na Gaeilge, ach ó ba rud é nárbh aon ribín réidh é mar dhuine, tugadh bata is bóthar dó go luath. Is amhlaidh go raibh de nós aige bheith ag fáil lochta is ag caitheamh anuas ar na Gaeilgeoirí, ar chomh dona is a bhí a gcuid Gaeilge acu, ar chomh fannlag is a bhí a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan. Bhain na léitheoirí sult as a chuid eascainí tamall, ach nuair a bhí sé tar éis íde bhéil a thabhairt do gach aon duine a raibh céim ar bith aige i ngluaiseacht na teanga, bhí sé thar am aige malairt jab a tharraingt air féin.
 
Nuair a tháinig na Poblachtánaigh i gcumhacht, fuair Séamus Ó Grianna oifig gan chúram sa státseirbhís a chuir ar a chumas obair scríbhneoireachta a dhéanamh. Bhí sé in ann beagnach tríocha leabhar a chríochnú lena shaol, idir dhíolamaí gearrscéalta, úrscéalta agus dhírbheathaisnéis.
 
Bhí Séamus pósta, murab ionann agus a dheartháir. Is é an grá leatrom príomhthéama a chuid scríbhneoireachta, rud a cheadaíonn don léitheoir a shíleadh go gcaithfidh sé nach raibh an t-ádh leis agus é ar lorg grá ina fhear óg dó. Nuair a fuair sé é féin in ospidéal agus é an dá scór d'aois cheana, thug sé taithneamh agus teasghrá do bhean óg a bhí ina banaltra ansin, agus b'é dea-dheireadh an scéil sin go ndeachaigh an brat pósta ar an dís acu.
 
Díol suntais é nach labhraíodh Séamus Ó Grianna focal Gaeilge lena bhean - bhí sise dall ar an teanga cibé scéal é - ná lena chlann. Mar is éasca a aithint ar a chuid leabhar dírbheathaisnéise, fuair sé é féin náirithe go hiomlán ina stócach beag dó, agus an múinteoir ag caitheamh anuas air is á bhualadh toisc é a bheith gan focal Béarla ina phluc. Is dealraitheach go ndeachaigh drochbhuille an chéad lá scoile go domhain i bhfeidhm air, agus náire na Gaeilge ag luí go searbh air. Nuair a tháinig sé i gcrann, d'fhoghlaim sé scoth an Bhéarla, agus é in ann an-ionsaí béil a dhéanamh sa teanga sin féin orthu siúd a shíl an dúrud díobh féin, cosúil le "lucht na veistí bána" (an mheánaicme uirbeach) agus lucht na n-ollscoileanna, ar ar thug sé ''congenital idiocy mumbling inanities in university robes'' ("amadáin chruthanta ag monamar baothchainte agus a gcuid róbaí ollscoile orthu").
 
==A Shaothar==