An difríocht idir athruithe ar: "Cumarsáid"

Content deleted Content added
~IV
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá sa '''chumarsáid''' smaointe, faisnéis nó mothúcháin a chur in iúl. Is féidir a rá gur cuid de bhunús na beatha féin í an chumarsáid agus í ar siúl ag na horgánaigh is simplí amach. Tá córas an-chasta cumarsáide in úsáid ag an gcine daonna, cuma más sméideadh beag atá i gceist nó áiseanna aimhréidhe leictreonacha. Ar na saghsanna cumarsáide is mó is dual don aois atá anois ann tá an [[bolscaireacht|bholscaireacht]] agus an [[fógraíocht|fhógraíocht]], rudaí ar chuspóir dóibh rud a áitiú ort agus é de chumas acu é a dhéanamh ar chéad bealach, más go híoróineach nó go féinchomhfhiosach féin é. Is mór an cúnamh don chumarsáid an cultúr céanna a bheith ag na daoine atá i gceist, cé gur minic ráite é nach féidir an mhíthuiscint a sheachaint sa chás sin féin. Tá dlúthbhaint ag an gcumarsáid leis an staidéar atá déanta ag fealsúnaithe agus ag anailísí cultúrtha ar nádúr na [[comhartha|gcomharthaí]] agus na [[samhailchomhartha|samhailchomharthaí]].
Smaointe, faisnéis, mothúcháin earraí nó gníomhartha a mhalartú é '''cumarsáid'''. Tá sochaí iomlán an chine daonna bunaithe air. Úsáideann daoine comharthaí, fuaimeanna agus siombail chun cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus baintear úsáid as meáin éagsúla chun sin a dhéanamh. Dá bhrí sin tá baint ag brainsí éagsúla den [[eolaíocht]] leis an chumarsáid: [[Teangeolaíocht]], [[síceolaíocht]], [[socheolaíocht]], [[polaitíocht]], agus [[teicneolaíochtaí teileagrafaíochta]]. Le fuaim agus le gothaíocht a chuireann leanaí daonna in iúl go bhfuil ocras, tart, eagla, áthas, srl orthu agus freagraíonn daoine do na comharthaí sin trí bhia, deoch, nó aire de chineálacha eile a thabhairt dóibh. D'fhorbair an teanga labhartha as na gothaí céadracha agus rinne an duine gach iarracht cur le réimse agus le raon na teanga trí athraithe a dhéanamh ar an timpeallacht (comharthaí ar chrainn, clocha, deatach srl) nó trí úsáid a bhaint as [[scríbhneoireacht]] nó [[pictiúir]]. De réir mar a d'éirigh an chumarsáid níos casta ba ghá go mbeadh an cód céanna tuisceana ag an tarchuradóir (an té a chuireann an teachtaireacht) agus an glacadóir (an té a fhaigheann í).
 
{{stumpa}}