An difríocht idir athruithe ar: "Stáit Aontaithe Mheiriceá"

Content deleted Content added
Undo revision 240102 by 96.56.135.116 (Talk)
Líne 54:
==Stair==
 
===Meiriceánaigh dúchasacha agus lonnaitheoirí Eorpacha===
Pog ma hone President Bush.
 
Ceaptar gur tháinig na daoine dúchasacha ó mhórthír na Mheiriceá, Alasca san áireamh, ar imirce ón [[Áise]]. Thosaigh said ag teacht 12,000 bhliain ó shin ar a laghad is suas le 40,000 bliain ó shin. D’fhorbair roinnt pobal dúchasacha sa ré roimh Cholambas talmhaíocht fhorbartha, mórthalmhaíocht, agus sochaí stáit-leibhéil. I 1492, shroich an taiscéalaí [[Genova|Genovach]] [[Criostóir Colambas]], a bhí faoi chonradh don [[Choróin Spáinneach]], roinnt oileán Cairibe. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Sna blianta a leanas, maraíodh formhór na ndaoine ndúchasacha de réir eipidéimí na ngalar Eoráiseach.
 
Ar 2 Aibréan, 1513, tháinig an [[conquistador]] Spáinneach, [[Juan Ponce de León]], i dtír ar "[[La Florida]]", mar a ghlaoigh sé air. Ba é sin an chéad teacht Eorpach ar mórthír na Stát Aontaithe atá doiciméadaithe. As na coilíneachtaí bunaithe sa réigiún leis [[An Spáinn]], ní mhaireann ach St. Augustine, a bhunaíodh i 1565, sa lá atá inniu ann. Chruthaigh trádálaithe Francacha na bhfionnaigh urphoist timpeall na [[Lochanna Móra]]; sa deireadh d’éiligh An Fhrainc mórán Meiriceá Thuaidh go dtí [[Murascaill Mheicsiceo|Murascaill na Meicsiceo]] sa deisceart. Ba iad Coilíneacht Virgina a bhunaíodh i [[Jamestown]] i 1607 agus Coilíneacht Plymouth na n-Oilithreach a bhunaíodh i 1620 ceann de céad áiteanna lonnuithe rathúla na Sasanach. Bhí a lán [[inimirce]] de thoradh chairtfhostú na Coilíneachta [[Bhá Mhassachusetts]] i 1628. Thairis sin, bhí Nua Sasana lonnaithe le timpeall 10,000 [[Puritanaigh]] i 1634. Idir deireadh na 1610-idí agus [[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá]], chuir timpeall 50,000 ciontaigh go dtí na coilíneachtaí a bhí ag Sasana, agus níos moille an Bhreatain Mhór, i Meiriceá. Thosaigh [[muintir na hOllainne]] ag bunú áite lonnaithe feadh theorainn theas [[Abhainn an Hudson|Abhann Hudson]], Amsterdam Nua ar [[Manhattan|Oileán Manhattan]] san áireamh. Bunaíodh áit lonnaithe beag le taobh na [[nAbhann Delaware]] i 1638, dár nainm An tSualainn Nua, ach glacadh an áit sin ar láimh leis na hOllanaigh i 1655.
I 1674, bhí na Sasanaigh i gceannas ar na sean-choilíneachtaí Ollanaigh; mar sin, athraíodh ainm chúige Nua Ísiltír go dtí [[Nua-Eabhrac]]. Tháinig a lán [[seirbhíseaigh féichiúnaigh]] go dtí an tír – go háirithe sa deisceart. Idir 1630 agus 1680 bhí dhá thrian de na hinimirceaigh ina seirbhíseaigh féichiúnaigh. Ag críoch na haoise, bhí sclábhaithe Afracacha ag éiriú príomh-fhoinse an saothair banna. Chruthaigh na 13 coilíneacht Bhriotanacha, a néireodh Stáit Aontaithe Mheiriceá, le deighilt na Carolinas i 1729 agus coilíneachas na nGeorgia i 1732. Bhí rialtais aitiúla ag gach coilíneacht agus chomh maith leis sin bhí ciall an fhéin-rialtas acu le tacaíocht do phoblachtachas. Bhí [[trádáil na sclábhaithe Afracach]] dleathach sna 13 coilíneacht, leis. Le rátaí beireatais ard, rátaí báis íseal agus inimirce seasta, dhúbail na coilíneachtaí gach 25 bliain. Ag 1770, bhí 3 milliún daoine ina gcónaí sna coilíneachtaí – timpeall leath dhaonra na Breataine. Cé go ngearrfaí cánacha díobh, ní raibh aon iondaithe féin acu sa [[Parlaimint|Pharlaimint]] i [[Londain]] - "diabhal cánacha gan ionadaíocht", mar a dúirt na ceannairceoirí féin.
 
===Neamhspleáchas agus fairsingiú Mheiriceá===