An difríocht idir athruithe ar: "Úsáideoir:MALA2009/Leabhar Cheanannais"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Image:KellsFol032vChristEnthroned.jpg|thumb|Léiríonn Fóilió 32v [[Críost mar Rí]].]]
Is lámhscríbhinn [[dhathmhaisithe]] i [[Laidin]] é '''Leabhar Cheanannais''' (Béarla: ''Book of Kells'') (Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Trionóide, LS A.I. (58), ar a dtugtar '''Leabhar Cholm Cille''' uaireanta) ina bhfuil ceithre [[Soiscéal|Shoiscéal]] an [[Tiomna Nua]], mar aon le réamhthéacsanna agus táblaí éagsúla. Scríobh [[manaigh Cheilteacha]] amach é thart ar an mbliain 800. Díorthaíodh téacs na Soiscéal ón Vulgáid den chuid is mó, cé go gcuimsítear roinnt sleachta ó luathleaganacha an [[Bhíobla]] ar a ngairtear an Vetus Latina chomh maith. Is máistirshaothar é de [[challagrafaíocht Iartharach]] agus seasann sé do bhuaic an dathmhaisithe Oileánaigh. Ceaptar go forleathan freisin gurb é an tseoid náisiúnta is fearr in [[Éirinn]] é.
Tá léaráidí agus maisiú Leabhar Cheanannais níos fearr ná Soiscéil Oileánacha eile ó thaobh na fairsinge agus na castachta de. Sa mhaisiú, feictear teaglaim d’íocónagrafaíocht thraidisiúnta Chríostaí agus móitífeanna ornáideacha guairneánacha is gnách don ealaín Oileánach. Cuirtear beocht le leathanaigh na lámhscríbhinne le fíoracha daoine, ainmhithe agus béisteanna miotasacha, chomh maith le [[snaidhmeadh]] casta agus le patrúin dualaíochta ar dhathanna beoga. Tá cuid mhaith de na gnéithe beaga maisiúla sin lán de shiombalachas Críostaí agus cuireann siad tuilleadh béime ar théamaí na mórléaráidí dá bharr.
Tá 340 [[fóilió]] i gceist leis an lámhscríbhinn anois, agus tá sí faoi cheangal i gceithre imleabhar ón mbliain 1953. Is ar phár lao
Tá an lámhscríbhinn ainmnithe as an [[mainistir]] i g[[Ceanannas]] ina raibh
Líne 20:
Díorthaíonn an t-ainm ''Leabhar Cheanannais'' as [[Mainistir Cheanannais]] i g[[Ceanannas]], [[Contae na Mí]], Éire, ina raibh sé ar feadh cuid mhaith de na meánaoiseanna. Tá an dáta agus an áit a ndearnadh an lámhscríbhinn ina ábhar díospóireachta suntasaí. Go traidisiúnta, creideadh gur cruthaíodh an leabhar le linn thréimhse [[Cholm Cille]], agus fiú gur shaothar a lámh féin é b’fhéidir. Tá an traidisiún sin díchreidiúnaithe le fada ar bhonn pailéagrafach agus stíleach. Tacaíonn an chuid is mó den fhianaise le dáta déantúis thart ar 800, i bhfad i ndiaidh bhás Cholm Cille sa bhliain 597. Tá traidisiún eile ann, atá coitianta i measc scoláirí na hÉireann, a áitíonn gur cruthaíodh an lámhscríbhinn le haghaidh chomóradh 200 bliain bhás an naoimh.
Níor críochnaíodh an lámhscríbhinn riamh. Tá cúig theoiric iomaíocha ar a laghad maidir le háit bhunaidh agus am críochnaithe na lámhscríbhinne. Sa chéad chás, seans gur cruthaíodh an leabhar, nó an téacs amháin, in Í agus gur tugadh
===Na Meánaoiseanna===
Rinne [[Lochlannaigh]] slad ar Mhainistir Cheanannais roinnt mhaith amanna sa deichiú haois, agus ní heol conas a mhair an leabhar. Is in iontráil na bliana 1007 d’[[Annála Ulaidh]] atá an tagairt stairiúil is luaithe don leabhar agus, go deimhin, don leabhar a bheith i gCeanannas. Tá taifead san iontráil ar an gcaoi ar goideadh Soiscéal Cholm Cille, (Columba) príomhiarsma an Domhain Thiar, i rith na hoíche ó shacraistí iartharach an mhórshéipéil chloiche ag Ceanannas mar gheall ar a chumhdach ceardúil. Aisghabhadh an lámhscríbhinn faoi fhód roinnt míonna ina dhiaidh sin – gan a
Ar aon nós, bhí an leabhar i gCeanannas cinnte sa dara haois déag nuair a rinneadh cóip de [[chairteacha talún]] a bhain le Mainistir Cheanannais ar chuid dá leathanaigh fholmha. Bhí an cleachtas sin – cairteacha a chóipeáil isteach i leabhair thábhachtacha – forleathan sna meánaoiseanna, agus tugann inscríbhinní dá leithéid i Leabhar Cheanannais cruthúnas cinnte maidir lena láthair ag an am sin.
Líne 36:
Rinne Giraldus na [[Breataine Bige]], scríbhneoir ón dara haois déag, cur síos ar an Mórleabhar Soiscéil a chonaic sé i [[gCill Dara]] i sliocht cáiliúil óna leabhar ''Topographia Hibernica'', agus ceapann cuid mhaith daoine ó shin gur Leabhar Cheanannais a bhí ann. Gabhann an cur síos le Ceanannas cinnte:
Dar leis, cuimsíonn an leabhar teacht le chéile na g[[ceathrar soiscéalaithe]] dar le h[[Iaróm]], agus ar gach leathanach ar leith tá dearaí ar leith, agus iad suaitheanta ag dathanna éagsúla. Féadtar, dar leis, aghaidh mórgachta agus
Ós rud é go n-áitíonn Giraldus go bhfaca sé an leabhar sin i gCill Dara, b’fhéidir gur leabhar eile a chonaic sé ar an gcaighdeán céanna le Leabhar Cheanannais atá caillte anois, nó b’fhéidir go ndearna sé dearmad faoina láthair.
Líne 43:
===An Nua-Aois===
D’fhan Leabhar Cheanannais i gCeanannas go dtí 1654. Sa bhliain sin, bhí marcshlua [[Chromail]] ag fanacht sa
Thar na blianta, cuireadh roinnt aguisíní le téacs Leabhar Cheanannais. Sa séú haois déag, chuir Gerald Plunkett as Baile Átha Cliath sraith [[uimhreacha Rómhánacha]] le caibidlí na Soiscéal de réir na rannta a chruthaigh Ard-Easpag Canterbury an tríú haois déag, Stephen Langton. Rinne an ministir suntasach Anglacánach, James Ussher, comhaireamh agus uimhriú ar na fóiliónna sa bhliain 1621, go gairid i ndiaidh do [[Rí Séamas I]] é a ainmniú ina Easpag ar an Mí. Tugadh cuireadh
Thar na céadta, rinneadh an leabhar a athcheangal roinnt uaireanta. Le linn athcheangal an ochtú haois déag, rinneadh sioscadh antuisceanach ar na leathanaigh agus cailleadh codanna beaga de roinnt léaráidí. Rinneadh an leabhar a athcheangal sa bhliain 1895 freisin, ach thit an t-athcheangal sin as a chéile go tapa. Faoi dheireadh na 1920idí, scoireadh roinnt fóiliónna ón bpríomh-imleabhar go huile is go hiomlán. Sa bhliain 1953, rinne an ceanglóir leabhar, Roger Powell, an lámhscríbhinn a athcheangal ina
Sa bhliain 2000, seoladh an t-imleabhar ina bhfuil [[Soiscéal Mharcais]] go Canberra san Astráil i gcomhair taispeántais de lámhscríbhinní dathmhaisithe. Níorbh é sin ach an ceathrú huair a seoladh Leabhar Cheanannais thar lear le haghaidh taispeántais. Faraor, d’fhulaing an t-imleabhar “miondíobháil lí”, mar a thugtar air, ar an mbealach go Canberra. Meastar go mb’fhéidir gur tharla an díobháil de bharr creathanna ó innill an [[eitleáin]] le linn na heitilte fada.
Líne 53:
===Macasamhla===
[[Image:BookKells.jpg|thumb|Cuimsítear an téacs “Erat autem hora tercia” (
Macasamhlaíodh an chuid is mó de na leathanaigh i [[ngrianghraif]] dhubha agus bhána, ach bhí 48 macasamhail dhaite san eagrán freisin, lena n-áirítear na maisithe lánleathanaigh ar fad. Le cead Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, rinne Thames agus Hudson eagrán facsamhla eile sa bhliain 1974. D’áirigh an t-eagrán seo na léaráidí lánleathanaigh ar fad ón lámhscríbhinn agus cuid ionadaíoch de mhaisiú na leathanach téacs, chomh maith le roinnt sonraí méadaithe de na léaráidí. Bhí na macasamhla ar fad lándaite agus ba é John Kennedy, Green Studio, Baile Átha Cliath, a rinne an ghrianghrafadóireacht.
Líne 63:
== Cur Síos ==
Cuimsíonn Leabhar Cheanannais ceithre Shoiscéal na scrioptúr [[Críostaí]] scríofa i ndúch dubh, dearg, corcra agus buí i mórscript oileánach, le réamhráite,
Faoi láthair, is é toise an leabhair 330 faoi 250 mm. Ar dtús, ní raibh na fóiliónna ar ghnáthmhéid, ach sioscadh iad go dtí an mhéid reatha le linn athcheangal an ochtú haois. Tá an spás don téacs tuairim
===Clár Ábhair===
Cuimsíonn an leabhar atá ar marthain réamhábhair, téacs iomlán Shoiscéal [[Mhatha]], [[Mharcais]] agus [[Lúcáis]], agus [[Soiscéal Eoin]] go dtí Eoin 17:13. Tá an chuid eile d’Eoin agus méid anaithnid den réamhábhair ar iarraidh agus seans gur cailleadh é nuair a goideadh an leabhar luath sa
[[Image:KellsFol005rEusebianCanonTable.jpg|thumb|left|Cuimsíonn fóilió 5r leathanach de [[Chanónacha Eusebius]].]]
Tá dhá bhlúire de liostaí ainmneacha Eabhracha; ceann ar recto an chéad fhóilió a mhaireann agus ceann ar fhóilió 26, atá curtha isteach ag críoch an réamhábhair d’Eoin. Cuimsíonn an chéad liosta briste críoch an liosta le haghaidh Shoiscéal Mhatha. Theastódh dhá fhóilió eile le haghaidh na n-ainmneacha atá in easnamh ar Mhatha. Tá tuairim
Tagann táblaí canóna Eusebius as Caesarea i ndiaidh an chéad liosta briste. Forbraíodh na táblaí seo chun na Soiscéil a chrostagairt agus gabhann siad roimh théacs na Vulgáide. Roinn Eusebius an Soiscéal ina chaibidlí agus chruthaigh sé táblaí ansin a chuir ar chumas léitheoirí
[[Image:KellsFol019vBrevCausLuke.jpg|thumb|right|Tá tús Breves causae Lúcáis i bhfóilió 19.]]
Baineann na ''Breves causae'' agus ''Argumenta'' le traidisiún lámhscríbhinne réamh-Vulgáide. Is
===Téacs agus script===
Cuimsíonn Leabhar Cheanannais téacs na gceithre Shoiscéal bunaithe ar an Vulgáid. Ní chuimsíonn sé cóip ghlan den Vulgáid áfach. Tá roinnt éagsúlachtaí leis an Vulgáid ann,
[[Image:KellsFol309r.jpg|thumb|200px|Cuimsíonn fóilió 309r téacs ó Shoiscéal Eoin atá scríofa i mórscript Oileánach ag an scríobhaí ar a dtugtar Lámh B.]]
Den chuid is mó, scríobhtar an lámhscríbhinn i mórscript oileánach le roinnt samplaí de litreacha mionscripte anseo agus ansiúd (e nó s go hiondúil). Scríobhtar an téacs i líne fhada amháin trasna an leathanaigh de ghnáth. Shainaithin Françoise Henry triúr scríobhaithe sa lámhscríbhinn seo ar a laghad, ar ar thug sí Lámh A, Lámh B agus Lámh C. Faightear Lámh A ar fhóilió 1 go 19v, fóilió 276 go 289, agus fóilió 307 go deireadh na lámhscríbhinne. Den chuid is mó, scríobhann Lámh A ocht nó naoi líne dhéag in aghaidh an leathanaigh i ndúch gáil
[[Image:KellsFol200rGeneolgyOfChrist.jpg|thumb|left|Ginealach Íosa de chuid Lúcáis (a chuimsíonn trí leathanach)]]
Líne 100:
===Maisiú===
Gabhann cuid mhaith mionsamhlacha lánleathanaigh leis an téacs, agus feictear níos mó maisithe beaga péinteáilte ar fud an téacs ná riamh roimhe. Tá cáil ar mhaisiú an leabhair as mionsonraí casta a chur le chéile le déantúis dhána fhuinniúla. Baintear amach buaicthréithe na ceannlitreach lámhscríbhinne Oileánaí anseo, mar a dhéanann Carl Nordenfalk cur síos
Tá an clár maisithe mhórthaibhsigh i bhfad níos suntasaí ná aon leabhar Soiscéil Oileánaigh eile a mhaireann. Tá deich léaráid lánleathanaigh a mhaireann lena n-áirítear dhá phortráid [[soiscéalaithe]], trí leathanach le ceithre [[shiombail soiscéalaithe]], leathanach cairpéid, mionsamhail den [[Mhaighdean Mhuire]] agus de [[Mhac na hÓighe]], mionsamhail de [[Chríost mar Rí]], agus mionsamhlacha de [[Ghabháil Íosa]] agus de [[Chathú Chríost]]. Tá trí lánleathanach déag de théacs maisithe a mhaireann lena n-áirítear leathanaigh le haghaidh an chéad chúpla focal de na Soiscéil ar fad. Tá maisiú fairsing ar ocht gcinn de na deich leathanach táblaí canóna. Is fíordhóchúil go raibh leathanaigh eile
[[Image:KellsFol002rCanonTable.jpg|thumb|right|Cuimsíonn fóilió 2r de Leabhar Cheanannais ceann de [[Chanónacha Eusebius]].]]
Tosaíonn fóiliónna na lámhscríbhinne atá ar marthain le blúire de ghluais na n-ainmneacha Eabhracha. Tá an blúire sin ar cholún na láimhe clé d’fhóilió 1r. Tá mionsamhail de na ceithre shiombail soiscéalaithe, a bhfuil cuma an chaite orthu anois, ar cholún na láimhe deise. Tá an mhionsamhail treoshuite sa chaoi
Leagtar béim bhreise ar aontacht na Soiscéal trí mhaisithe tháblaí canóna Eusebius. Léiríonn na táblaí canóna féin aontacht na Soiscéal go dúchasach trí shleachta comhfhreagracha ó na Soiscéil a eagrú. Teastaíonn dhá leathanach déag le haghaidh tháblaí canóna Eusebius de ghnáth. I Leabhar Cheanannais, bheartaigh lucht déanta na lámhscríbhinne ar dhá leathanach déag (fóilió 1v go 7r) ach ar chúis anaithnid, chomhdhlúthaigh siad le deich leathanach é, a d’fhág fóilió 6v go 7r folamh. Chiallaigh an comhdhlúthú seo nach rabhthas in ann na tablaí canóna a úsáid. Tá maisiú an chéad ocht leathanach de na táblaí canóna go mór faoi thionchar Luathleabhair Shoiscéil ón Meánmhuir, ina raibh traidisiún na táblaí a fhágáil laistigh de stuara (ar nós Táblaí Canóna Londan). Cuireann lámhscríbhinn Cheanannais an mhóitíf seo i láthair ar bhealach Oileánach, a chiallaíonn nach bhféachtar ar na stuaraí mar ghnéithe ailtireachta, ach go mbíonn siad ina bpatrúin chéimseatúla stílithe le maisiú Oileánach. Tá na ceithre shiombail soiscéalaithe sna spásanna faoi agus os cionn na stuanna. Cuirtear an dá thábla canóna dheireanacha i láthair laistigh de ghréille. Níl an láithriú sin le feiceáil ach amháin i lámhscríbhinní Oileánacha agus chonacthas
[[Image:KellsFol007vMadonnaChild V2.jpg|thumb|left|I bhfóilió 7v tá íomhá den Mhaighdean Mhuire agus de Mhac na hÓighe. Is é seo an íomhá is sine den Mhaighdean Mhuire atá ar marthain i lámhscríbhinn de chuid an Iarthair.]]
Líne 126:
[[Image:KellsFol029rIncipitMatthew.jpg|thumb|left|Tá réamhrá [[Shoiscéal Mhatha]] i bhfóilió 29r.]]
Is le bíseanna mórthaibhseacha agus le [[hobair
Tosaíonn Soiscéal Mhatha le [[ginealach Íosa Críost]]. Is ag [[Matha]] 1:18
[[Image:KellsFol034rChiRhoMonogram.jpg|thumb|right|Tá an monagram [[''Chi Rho'']] i bhfóilió 34r. Is iad ''Chi'' agus ''Rho'' an chéad dá litir san fhocal ''‘[[
I Leabhar Cheanannais, tá an monagram ''Chi Rho'' chomh mór sin anois go gclúdaíonn sé an leathanach ar fad. Clúdaíonn an litir ''‘chi’'' an leathanach ar fad le géag amháin ag dul trasna fhormhór an leathanaigh. Is faoi ghéaga an ''‘Chi’'' atá an litir ''‘rho’''. Roinntear an dá litir i gcodanna atá maisithe go mórthaibhseach le hobair snaidhme agus le pátrúin eile. Is maisiú déanta d'obair snaidhme agus de ghuairneáin atá sa chúlra chomh maith. Laistigh den mhaisiú seo, tá ainmhithe agus feithidí faoi cheilt. Éiríonn trí aingeal ó cheann de ghéaga croise an ''‘chi’''. Tá an mhionsamhail seo ar an monagram ''Chi'' ''Rho'' is mó agus is mórthaibhsí ar marthain in aon Leabhar Soiscéal Oileánach. Is toradh é seo ar thraidisiún a thosaigh le Leabhar Dharú.
Tá dhá mhionsamhail eile lánleathanaigh i Leabhar Cheanannais a léiríonn eachtraí ó scéal na Páise. Tá téacs Mhatha maisithe le maisiú lánleathanaigh de ''Ghabháil Íosa''. (fóilió 114r). Léirítear Íosa faoi stuara stílithe agus dhá
Tá leathanach iomlán de théacs maisithe a thosaíonn le ''“Tunc dicit illis”'' i verso an fhóilió ina bhfuil ''Gabháil Críost''. Os comhair mhionsamhail Chathú Críost, tá leathanach iomlán eile de théacs maisithe (fóilió 203r “Iesus autem plenus”). Chomh maith leis an leathanach seo, tá maisiú mionsaothraithe ar chúig leathanach iomlán eile. I Soiscéal Mhatha, tá leathanach iomlán eile lán de mhaisiú (fóilió 124r, “Tunc crucifixerant Xpi cum eo duos latrones”). I Soiscéal Mharcais, tá dhá leathanach de théacs maisithe chomh maith (fóilió 183r, “Erat autem hora tercia”, agus fóilió 187v, “[Et Dominus] quidem [Iesus] postquam”). Tá dhá leathanach de théacs iomlán maisithe i Soiscéal Lúcáis (fóilió 188v, “Fuit in diebus Herodis”, agus fóilió 285r, “Una autem sabbati valde”). Cé nach bhfuil mionsamhlacha bainteach leis na téacsanna seo, is dócha go raibh mionsamhlacha le bheith le gach ceann de na téacsanna seo ach gur cailleadh iad nó nár críochnaíodh riamh iad. Níl leathanach amháin iomlán de théacs i Soiscéal Eoin ar marthain, seachas an Réamhrá. Sa trí Shoiscéal eile, áfach, is le hinsint na Páise atá gach ceann de na leathanaigh iomlán de théacs maisithe seachas fóilió 188c a thosaíonn insint Bhreith Íosa. Os rud é, áfach, go raibh insint na Páise sna fóiliónna a cailleadh ó Shoiscéal Eoin, is dócha gur cailleadh na leathanaigh iomlán de théacs maisithe chomh maith.
Líne 141:
[[Image:KellsDecoratedInitial.jpg|thumb|left|I mbeagnach gach fóilió i [[Leabhar Cheanannais]], tá maisithe beaga cosúil leis an túslitir mhaisithe seo.]]
Níl maisiú an leabhair dírithe ar na mórleathanaigh amháin. Tá an téacs breac le túslitreacha maisithe agus le fíoracha maisithe beaga d’ainmhithe agus de dhaoine, déanta de
[[Image:KellsFol034rXRhoDet3.jpg|thumb|right|Mar a thaispeántar sa léiriú beag seo ar leathanach an [[mhonagraim]] Chi Rho, tá go leor de mhaisiú [[Leabhar Cheanannais]] go breá casta. (Fóilió 34r)]]
Is maisiúcháin d’ardchaighdeán iad go léir agus bíonn siad thar a bheith casta go minic. I maisiú amháin a chlúdaíonn cearnóg aon orlach de leathanach, tá 158 píosa de ribín bán, le himeall dubh, fite fuaite ar a chéile. Ní féidir roinnt den mhaisiú a fheiceáil ach amháin le gloine formhéadúcháin, cé nach eol dúinn go raibh a leithéid de ghloine, leis an gcumhacht cheart, ar fáil go dtí na céadta bliain i ndiaidh an leabhar a bheith críochnaithe. Freagraíonn an snaidhmeadh casta agus na léaráidí fite, ar thángthas orthu i gCeanannas agus i mainistreacha gaolmhara eile, de mhiotalóireacht agus
Líne 151:
== Feidhm ==
Tá feidhm shacraiminteach seachas oideachais ag an leabhar. Is ar altóir ard sa séipéal a d’fhágfaí Sóisceál a bhí chomh mór mórthaibhseach is a bhí Leabhar Cheanannais. Ní bhainfí é ach chun an Soiscéal a léamh le linn an Aifrinn. Ba é ba dóichí, áfach, ná go mbeadh an téacs de ghlanmheabhair ag an léitheoir agus nach mbeadh air an téacs a léamh ón leabhar. Is ábhar suntasach é go ndearbhaíonn [[Croinicí Uladh]] gur goideadh an leabhar ón [[sacraistí]] (ina raibh soithigh agus feisteas an [[Aifrinn]]) seachas ó leabharlann na mainistreach. Tá sé soiléir ó dhearadh an leabhair go raibh an fheidhm seo i gceist leis, is é sin, tugadh tosaíocht do dhearadh an
|