An difríocht idir athruithe ar: "Néaró"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
 
Tá sé de chlú ar Nearó gur chaith sé an chuid ba mhó dá am ag útamáil le ceoltóireacht, ag marú Críostaithe agus ag bualadh craicinn le fir is le mná, gan trácht a dhéanamh ar mharú a mháthar féin. Tá an tuiscint seo bunaithe ar scríbhinní [[Gaius Suetonius Tranquillus|Suetonius]], [[Lucius Cassius Dio Cocceianus|Cassius Dio]], agus [[Publius Cornelius Tacitus|Tacitus]], nach raibh mórán bá ag aon duine acu le Nearó. Tá foinsí ann, áfach, a thugann le fios go raibh an-luiteamas ag cosmhuintir na Róimhe le Nearó.
 
Maidir leis na staraithe Críostaí, is é an bharúil a bhí acusan riamh gurbh é Nearó a chuir tús le géarleanúintí na gCríostaithe sa Róimh. De réir na bhfinscéalta Críostaí, cuireadh beirt Aspal, mar atá, Peadar agus Pól, chun báis nuair a bhí Nearó sa ríchathaoir. Bhain an scríbhneoir Polannach [[Henryk Sienkiewicz]] leas as an scéal seo ina mhórúrscéal ''Quo vadis'', a thabhaigh Duais Nobel sa litríocht dó sa bhliain 1905. Úrscéal stairiúil atá ann agus é suite sa Róimh le linn Nearó.
 
Chuaigh géarleanúintí Nearó go mór mór i bhfeidhm ar na Críostaithe comhaimseartha. In Apacailipsis Eoin, luaitear beithíoch agus marc an bheithígh, agus deirtear gurb é 666 uimhir an bheithígh. Cé gurb iomaí ciall is féidir le lucht an mhisteachais a bhaint as an uimhir sin, is é an tuiscint atá ag an Eaglais Chaitliceach gur tagairt do Nearó a bhi ann. Is amhlaidh gur féidir úsáid na n-uimhreach a bhaint as na litreacha Eabhraise, agus má scríobhtar an t-ainm NERON síos sna litreacha sin, is féidir iad a chiallú mar "666".
 
{{stumpa}}