An difríocht idir athruithe ar: "Pierre Abélard"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 2:
'''Pierre Abélard''', 1079-1142: diagaí agus fealsamh Francach. É ar bhunaitheoirí an [[Scolaíochas|Scolaíochais]]. Chleachtadh sé an t-amhras mar mhodh oibre, ós é an t-amhras a chuireann ag tóraíocht na fírinne sinn. Ba é laoch an [[Ainmneachas|Ainmneachais]] é, cé nár mhol sé Ainmneachas [[Roscelin de Compiègne|Roscelin]]. Deir Abélard nach bhfuil sna huilithe ach focail; níl ciall leo ar aon dóigh eile. Má deir tú gur fíorchuid den saol iad na huilithe, is féidir leat a rá go bhfuil an tréith chéanna ag Sócraitéas agus ag an asal – is ainmhithe iad. Ach fágann sin gur rud réasúnach é an t-ainmhí sa mhéid go mbaineann sé leis an ''duine'' agus gur rud míréasúnach é sa mhéid go mbaineann sé leis an gcineál ''asal''. Tá contrárthachtaí ag baint leis an rud céanna san iomláine, rud nach féidir.
Ní féidir an t-uilí a shamhlú le cnuasach rudaí, ó nochtann an cnuasach i ndiaidh na rudaí atá ina gcuid de. Ní féidir ach oiread an
Deir sé gurb éard atá i ngach rud (lasmuigh de Dhia agus na haingil) foirm nó ábhar, nó cumasc foirme agus ábhair: is í foirm na deilbhe a cruth, rud ar cóiriú áirithe ábhair é. Fágann seo nach féidir foirm a dhealú amach ón rud a chuireann in iúl í.
|