An difríocht idir athruithe ar: "Benazir Bhutto"

1,916 bytes added ,  12 bliain ó shin
no edit summary
|céile =[[Asif Ali Zardari]]
|}}
Ba pholaiteoir [[An Phacastáin|Pacastánach]] í '''Benazir Bhutto''' ([[Urdais]]: بینظیر بھٹ), a rugadh ar an [[21 Meitheamh]] [[1953]] i g[[Karachi]]. Bhí ar an gcéad bhean a toghadh mar cheannaire ar stát Muslamach. Bhí sí ina [[príomhaire]] ar an bPacastáin idir 1988 agus 1990, agus arís ó 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an [[27 Nollaig]], [[2007]] tar éis slógadh polaitiúil.<ref>http://news.bbc.co.uk/2/hi/south_asia/7161590.stm</ref>
Bhí a hathair [[Zulfikar Ali Bhutto]] ina phríomhaire ar an bPacastáin freisin sna seachtóidí, sular crochadh é sa bhliain 1979.
 
==A Óige==
Bhí ar an gcéad bhean a toghadh mar cheannaire ar stát muslamach<ref name="Independant">{{en}}[http://news.independent.co.uk/world/asia/article3289224.ece ''What now for Pakistan?''], ''[[The Independent]]'', {{date|29|décembre|2007}}.</ref>, agus chaith sí dhá thréimhse i bhfeidhmeannas: ó 1988 go dtí 1990 agus ó 1993 go dtí 1996. Caitheadh amach í ag deireadh gach tréimhse ar shéala an calaoise, agus chuaigh sí go dtí Dubaí agus ansin go dtí Londain chun cúisiú a sheachaint. Fuair sí pardún ón uachtarán nua Pervez Musharraf agus d'fhill abhaile ar 18 Nollaig 2007 <ref>[http://tempsreel.nouvelobs.com/actualites/international/20071018.OBS0382/benazir_bhutto_est_arrivee_a_karachi.html?idfx=RSS_notr Benazir Bhutto accueillie par la foule à Karachi], ''[[Le Nouvel Observateur]]'', {{date|18|octobre|2007}}.</ref>. Bhí sí ag toghchánaíocht ar son Pháirtí Phobal na Pacastáine nuair a maraíodh í de bharr ionsaí féinmharaithe
<ref>[http://tempsreel.nouvelobs.com/actualites/international/asiepacifique/20071227.OBS2223/benazir_bhutto_tuee_lors_dun_attentatsuicide.html Benazir Bhutto tuée lors d'un attentat-suicide], ''[[Le Nouvel Observateur]]'', {{date|27|décembre|2007}}.</ref>.
 
Rugadh í ar 21 Meitheamh 1953. Bhí an-bhaint ag a muintir leis an bpolaitíocht agus seilbh acu ar thailte móra sa tSind. Ba é Zulfikar Alî Bhutto a hathair agus ba í an Béagam Nusrat Ispahani Bhutto, Ioránach, a máthair. Chuaigh sí ar scoileanna Caitliceacha agus bhain amach Meiriceá, áit ar ghnóthaigh sí BA le honóracha in Harvard. In Oxford thug sí faoin bhfealsúnacht, faoin bpolaitíocht agus faoin ngeilleagar, in éineacht le reachtaíocht idirnáisiúnta agus le taidhleoireacht.
 
==A Teaghlach==
 
D'fhill sí abhaile sa bhliain 1977 chun dul i mbun na taidhleoirachta, ach bhris an t-arm a hathair, arbh é an Príomh-Aire é ag an am, agus crochadh é tar éis é a chiontú i ndúnmharú (cé gur cuireadh amhras sa bhreith). Ruaigeadh Benazir Bhutto agus a máthair chun na Breataine, agus fuair deartháir léi bás sa Fhrainc, bás nach raibh saor ó amhras.
 
Phós sí Asif Ali Zardari sa bhliain 1987, agus bhí triúr duine clainne acu.
 
==Polaitíocht==
 
Chuaigh sí i gceannas ar Pháirtí Phobal na Pacastáine, agus é faoin lánsmacht aici go lá a báis. D'fhill sí abhaile sa bhliain 1986, bhain amach bua sna toghcháin agus chuaigh i réim. (Cailleadh Zia ul-Haq, an ginearál a chroch a hathair, idir an dá linn.) D'éirigh leis an Uachtarán Ghulam Ishaq Khan í a bhriseadh ar shéala an caimiléireachta sa bhliain 1990; i gceann tamaill fógraíodh neamhchiontach í agus chuaigh sí i réim arís. Chuaigh sí i bpáirt le polaiteoirí agus leis na ginearáil, agus go fiú le Jamiat Ulema-e-lslami, dream coimeádach Ioslamach. D'oir sin don chaidreamh a bhí a rialtas ag iarraidh a dhéanamh leis na Talaban ar maithe le teorainn neamhchorrach agus le comhchaidreamh le tíortha iarShóivéideacha i lár na hÁise.
 
Chuir sí i leith an Uachtaráin Farooq Leghari go raibh baint aige le marú a dearthár Murtaza; chuir cairde Mhurtaza an choir chéanna ina leithse. Briseadh arís í agus chaill a páirtí na toghcháin. Chuaigh sí thar lear ar eagla a naimhde, ach d'fhill nuair a thug an tUachatarán nua Pervez Musharraf pardún di féin agus dá fear céile. (Tháinig Musharraf i réim mar cheannaire rialtais mhíleata.)
Tháinig Benazir Bhutto ar ais sa bhliain 2007. Chuir a lucht leanúna an-fháilte roimpi, ach rinneadh ionsuithe uirthi; tháinig sí slán ó ionsaí féinmharaithe a d'fhág 136 duine marbh. D'fhógair an tUachtarán Musharraf toghcháin nua, agus bhí caibidlí deacra acu lena chéile idir an dá linn: coinníodh sa bhaile ar feadh tamaill í.
 
[[Image:Benazir Bhutto house arrest VOA News.jpg|250px|thumb|right|Benazir Bhutto s'exprimant devant ses sympathisants.]]
 
== Dúnmharú ==
 
Ar 27 Nollaig 2007 bhí Benazir Bhutto ar an mbealach chun cruinnithe de chuid a páirtí i Rawalpindi. Chuir fear a bhí in aice léi buama á phléascadh; gortaíodh í féin agus mórán eile, agus cailleadh í san ospidéal. Tharla círéibeacha dá bharr; d'fhógair urlabhra de chuid al-Qaida gurbh iadsan ba chúis leis an bpléascadh ach shéan urlabhra eile é.
 
==Tagairtí==
6,083

edits