An difríocht idir athruithe ar: "Meimfís (An Éigipt)"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 36:
Níor tréigeadh an tseanchathair, áfach; fuair na seandálaithe fianaise go raibh ceardaithe, ceannaithe agus ealaíontóirí ag obair ann go fóill.
 
====An Ríocht Nua====
 
 
Faoin Ríocht Nua ba í Meimfís an fíorlárionad riaracháin agus an phríomhchathair ríoga. Is ann a tugadh oideachas do na prionsaí agus do chlann na huaisle, agus bhí a lán pálás ríoga ann.
 
==== Memphís Tar Éis na bhFárónna ====
 
Rinne Alasdar Mór é féin a chorónú mar Fháró i dTeampall Ptah. Chuaigh duine dá chuid ginearál, Tolamaes, i réim san Éigipt, agus eisean a chuir corp Alasdair á bhalsamú ann tar éis an mórshiúl sochraide a chur ar mhalairt slí d’aonghnó. I Meimfís a cuireadh Alasdar.
[[Fichier:Alexander visits the Apis bull at the temple in Memphis by Andre Castaigne (1898-1899).jpg|thumb|[[Alexandre le Grand |Alexandre]] visitant le temple de Memphis, <small>par André Castaigne (1898-1899)</small>]]
 
Rialaigh sliocht Tholamaes an tír ina dhiaidh nó gur tháinig na Rómhánaigh; ansin ba í Alaistríne an chathair ba thábhachtaí. D’imigh na Rómhánaigh agus tháinig na hArabaigh; bhí Meimfís go hiontach fós, ach bhánaigh an chathair de réir a chéile ón 7ú haois amach. Creachadh í ar son a cuid cloch chun na bailte máguaird a thógáil agus a mhéadú; fiú sa 12ú haois bhí dealramh suntasach uirthi, ach ba ghearr nach raibh inti ach fothraigh mhaola agus clocha scaipthe.
 
Nuair a tháinig eolaithe Napoléon ar an gcathair i dtús an 19ú haois ní raibh rompu ach iarsmaí na n-iarsmaí; bhí an-tochailt le déanamh. Ag seo croineolaíocht sheandálaíoch:
 
 
* Taighde á dhéanamh de bharr Fheachtas Napoléon san Éigipt sa bhliain 1798, agus an suíomh á dhearbhú;
* An chéad tochailt á déanamh ag [[Giovanni Battista Caviglia]] agus Sloane sa bhliain 1820: thángthas ar olldealbh Raimséas II;
* Taighde á dhéanamh ag [[Karl Richard Lepsius]] de bharr fheachtas Prúiseach na bliana 1842;
* [[Joseph Hekekyan]] ag tochailt ann idir na blianta 1852 agus 1854;
* Mariette agus Seirbhís na Seandachtaí Éigipteacha ag tochailt ann idir na blianta 1850 agus 1860: thángthas ar dealbha ríoga de chuid na Sean-Ríochta.
* Petrie ag tochailt ann idir na blianta 1907 agus 1912: thángthas ar iarsmaí teampall agus pálás agus sfioncs mhór alabastair.
* Tochailt á déanamh ag Ollscoil Pennsylvanie idir na blianta 1914 agus 1921: thángthas ar theampall agus ar phálás;
* Sa bhliain 1942 tháinig Ahmed Badawy ar theampall beag de chuid Ptah, agus ar shéipéal agus thuama an phrionsa [[Sheshonq (ardsagart Ptah) |Sheshonq]] agus a mhic [[Takélot (ardsagart Ptah) |Takélot]] (an 22ú ríora);
* Rudolph Anthes de chuid Ollscoil Philadelphie á tochailt ann idir na blianta 1955 agus 1957: tháinig sé ar theampall beag agus chláir bhalsamaithe de chuid an tairbh naofa;
* Tá idir sheandálaithe eachtrannacha agus sheandálaithe Éigipteacha ag obair i Meimfís ón mbliain 1970 i leith, ag teacht ar iarsmaí tábhachtacha agus ag bailiú eolais; fuarthas leachtanna, annálacha agus tuamaí.
 
==Tagairtí==