An difríocht idir athruithe ar: "Mein Kampf"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Leabhair is ea é '''Mein Kampf''' ([[Gaeilge]]: ''Mo Chath Féin'') le h[[Adolf Hitler]], an deachtóir de bhunadh [[an Ostair|Ostarach]] a bhí ina cheannaire ar an n[[an Ghearmáin|Gearmáin]] le linn ré na [[Naitsithe]] sa tír sin. Is é is ábhar don leabhar ná dírbheathaisnéis agus smaointe polaitiúla an údair, nó an idé-eolaíocht Naitsíoch mar atá aithne uirthi inniu.
 
Foilsíodh an chéad imleabhar sa bhliain [[1925]] agus an dara ceann sa bhliain [[1926]]. Is é is ábhar don chéad imleabhar ná saol Hitler féin, agus an dara himleabhar ag tabhairt cur síos ar an ngluaiseacht Naitsíoch. Chuidigh Rudolf Hess le Hitler an leabhar a chríochnú, ach ní luaitear mar chomhúdar é in aon eagrán den leabhar. Bhreac Hess agus Emil Maurice an chéad imleabhar síos ó bhéal Hitler nuair a bhí sé i bpríosún, agus scríobh sé an dara ceann nuair a bhí cead a chos aige arís. Rinneadh ceartuithe agus athruithe beaga ar na heagráin nua ó sin i leith, de réir mar a theastódh ó Hitler.
 
==Achoimre==
 
Seo iad na pointí tábhachtacha sa leabhar:
 
* Tá Hitler ag caitheamh anuas ar an Ostair mar stát, agus é den tuairim gur chóir í a chur ar ceal mar stát neamhspleách agus cúige Gearmánach a dhéanamh di.
 
* Tugann Hitler cur síos ar fhorbairt a chuid frith-Ghiúdachais, agus é den bharúil gur idé-eolaíocht Ghiúdach é an Marxachas.
 
* Forbraíonn sé "sóisialachas náisiúnta na nGearmánach" mar chosaint ar "shóisialachas idirnáisiúnta na nGiúdach", agus é ag moladh chath na gciníocha in áit cath na n-aicmí.
 
* Tugann sé rabhadh faoin mBoilséiveachas san Aontas Sóivéadach agus é barúlach gur chóir an Boilséiveachas a dhíothú i "gcogadh na gciníocha". Ar ndóigh, tá sé suite siúráilte gurbh iad na Giúdaigh a cheap an Boilséiveachas agus gurbh iadsan atá i gceannas ar an Aontas Sóivéadach.
 
[[File:FrMeinKampf20050214.jpg |thumb|left|Leagan Fraincise den leabhar ón mbliain 1934, a haistríodh is a foilsíodh gan chead Hitler]]