An difríocht idir athruithe ar: "Úsáideoir:MALA2009/Pálás Buckingham"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 20:
Seans gurbh é teach Sir William Blake an chéad teach a tógadh ar an láthair thart ar an mbliain 1624. Ba é an Tiarna Goring an chéad úinéir eile, a chuir síneadh le teach Blake agus a d’fhorbair cuid mhaith de ghairdín an lae inniu ón mbliain 1633, ar tugadh Gairdín Mór Goring (Goring Great Garden) air an uair sin. Níor éirigh leis leas saorsheilbhe a bhaint amach ar an ngairdín maoildeirge áfach. I ngan fhios do Goring, níor éirigh leis an gcáipéis an Séala Mór a bhaint amach sular éalaigh [[Rí Séarlas I]] go Londain i 1640, agus bhí an séala ag teastáil chun é a chur i gcrích go dlíthiúil. (Chabhraigh an earráid chriticiúil sin le teaghlach ríoga na Breataine agus iad ag athghlacadh na saorsheilbhe faoi [[Rí Seoirse III]]).
 
Mhainnigh Goring ina chíosanna; fuair [[Henry Bennet]], an [[chéad Iarla Arlington]], an teach mór agus bhí sé ina chónaí ann (ar tugadh Teach Goring air an uair sin) nuair a dódh an teach go talamh sa bhliain 1674. Tógadh Teach Arlington ar an láthair – sciathán theas an pháláis reatha – an bhliain dár gcion agus ceannaíodh an tsaorsheilbh air sa bhliain 1702.
 
Tógadh an teach atá mar chroílár ailtireachta sa phálás reatha don chéad [[Diúc Buckingham agus Normanby]] i 1703, agus é deartha ag [[William Winde]]. Roghnaíodh stíl le mórbhloc lárnach trí urlár in éineacht le dhá sciathán seirbhíse chliathánacha ní ba lú.
 
Dhíol sliochtach Buckingham, Sir Charles Sheffield, Teach Buckingham ar deireadh le [[Seoirse III]] ar £21,000 sa bhliain 1761. (Cosúil lena sheanathair, Seoirse II, dhiúltaigh Seoirse III leas an ghairdín mhaoildeirge a dhíol, agus ní raibh Sheffield in ann saorsheilbh iomlán na láithreach a cheannach mar sin). Bhí sé i gceist ar dtús go mbeadh an teach ina dhíseart príobháideach don teaghlach ríoga, agus don Bhanríon Searlait go háirithe, agus tugadh Teach na Banríona air. Rugadh 14 dá 15 leanbh ann. Lean Pálás San Séamas ar aghaidh mar theach cónaithe oifigiúil agus deasghnách don teaghlach ríoga. Leoga, is gnách fiú sa lá atá inniu ann aithint oifigiúil a thabhairt d’ambasadóirí eachtrannacha ag “Cúirt San Séamas”, cé gurb ag Pálás Buckingham a chuireann siad a dteastais aitheantais agus a bhfoirne i láthair na Banríona nuair a cheaptar iad.
 
I 1762, cuireadh tús le hathmhúnlú an struchtúir. Tar éis dó teacht i gcoróin i 1820, lean Seoirse IV air leis an athmhúnlú. Bhí teach beag compordach ar intinn aige. Fad is a bhí an obair ag dul ar aghaidh, bheartaigh an Rí, sa bhliain 1826 agus le cabhair óna ailtire, an teach thiontú go pálás. Dearadh an aghaidh sheachtrach ar stíl faoi thionchar nuachlaisiceach na Fraince, a thaitin le Seoirse IV. Tháinig méadú as cuimse ar chostas an athchóirithe agus faoin mbliain 1829, briseadh Nash as a phost mar ailtire mar gheall ar anchaitheamh a chuid dearaí. Tar éis bhás Seoirse IV sa bhliain 1830, d’fhostaigh a dheartháir ní b’óige, Uilliam IV, Edward Blore chun an obair a chríochnú.