An difríocht idir athruithe ar: "Úsáideoir:MALA2009/Pálás Buckingham"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 40:
ann ar thrí ócáid ar leith de réir eolais. Sheinn [[Johann Strauss II]] agus a cheolfhoireann ann nuair a bhí siad i Sasana. Seinneadh “Alice Polka” de chuid Strauss sa phálás den chéad uair sa bhliain 1849 in onóir iníon na Banríona, an [[Bhanríon Ailís]]. Le linn réimeas Victeoiria, ba mhinic a bhí Pálás Buckingham ina ionad le haghaidh báil fhlaithiúla chulaithe, mar aon le gnáthshearmanais, insealbhuithe agus toirbhirtí ríoga.
 
Nuair a fágadh ina baintreach í sa bhliain 1861, chúlaigh an Bhanríon ón saol poiblí agus í trombhuartha. D’fhág sí Pálás Buckingham chun cónaí i gCaisleáng[[Caisleán Windsor]], i gCaisleáng[[Caisleán Balmoral]] agus i [[Teach Osborne]]. Ar feadh blianta fada níor baineadh mórán úsáide as an bpálás, agus ligeadh i léig é fiú. Faoi dheireadh, chuir tuairim phoiblí brú uirthi filleadh ar Londain, cé gurbh fhearr léi a bheith ina cónaí áit éigin eile nuair a d’fhéadadh sí. Bhí ócáidí cúirte fós ar siúl i gCaisleán Windsor seachas sa phálás. Mhaoirsigh an Bhanríon ghruama iad agus í de shíor gléasta in éide dhubh bróin, fad is a bhí Pálás Buckingham dúnta ar feadh an chuid ba mhó den bhliain.
 
 
=== An Taobh Istigh ===
 
An Taobh Istigh
Piano nobile Phálás Buckingham. A: Seomra Bia Stáit; B: Parlús Gorm; C: Seomra Ceoil; D: Parlús Bán; E: Clóiséad Ríoga; F: Seomra Ríchathaoireach; G: Parlús Glas; H: Gailearaí Croise; J: Bálseomra; K: Gailearaí Thoir; L: Parlús Buí; M: Seomra Láir/Balcóine; N: Seomra Lóin Síneach; O: Príomhphasáiste; P: Árasáin Phríobháideacha; Q: Limistéir Sheirbhíse; W: An Staighre Mór. Ar an mbunurlár: R: Bealach Isteach Ambasadóra: T: Príomhbhealach Isteach. Seasann na limistéir a léirítear le ballaí scáthaithe do sciatháin bheaga íochtaracha. Nóta: Is plean sceitse neamhscálaithe é seo le haghaidh tagairt amháin. Seans go bhfuil comhréireanna roinnt seomraí beagán difriúil dáiríre.
 
Tá 77,000 méadar cearnach (828,818 troigh chearnach) achar urláir sa phálás. Tá príomhsheomraí an pháláis ar an piano nobile taobh thiar den aghaidh a dhíríonn siar ar an ngairdín taobh thiar den phálás. Tá an Seomra Ceoil suite i lár na seomraí ornáideacha stáit sin agus is gné shuntasach den aghaidh é an bogha mór atá aige. Tá an Parlús Gorm agus an Parlús Bán taobh leis an Seomra Ceoil. Tá Gailearaí na bPictiúr i lár na seomraí agus feidhmíonn sé mar phasáiste a nascann na seomraí stáit. Tá sé soilsithe ón mbarr agus tá sé 55 slat (50 m) ar fad. Tá roinnt mhaith saothar ar crochadh sa Ghailearaí, le [[Rembrandt]], [[van Dyck]], [[Rubens]] agus le [[Vermeer]] i measc ealaíontóirí eile; is ó Ghailearaí na bPictiúr a thagann an Seomra Ríchathaoireach agus an Parlús Glas freisin. Is forsheomra ollmhór é an Parlús Glas don Seomra Ríchathaoireach, agus is cuid den bhealach deasghnách é chuig an ríchathaoir ón Seomra Garda ag barr an staighre mhóir. Tá dealbha bána marmair den Bhanríon Victeoiria agus den Phrionsa Albert agus iad gléasta i gculaith Rómhánach sa Seomra Garda. Tá siad suite i dtreabhann agus tá taipéisí ar gach aon taobh díobh. Ní úsáidtear na seomraí foirmiúla sin ach amháin chun aíocht dheasghnách agus oifigiúil a thabhairt, ach osclaítear iad don phobal gach samhradh.
 
Díreach faoi na hÁrasáin Stáit tá seomraí nach bhfuil chomh mór sin agus tugtar árasáin leathstáit orthu sin. Osclaíonn siad ón Halla Marmair agus úsáidtear iad le haghaidh aíochta nach bhfuil chomh foirmiúil céanna, ar nós cóisirí lóin agus éisteachtaí príobháideacha. Ainmnítear agus maisítear cuid de na seomraí do chuairteoirí ar leith, cosúil le Seomra 1844, a maisíodh an bhliain sin le haghaidh chuairt Stáit Impire Nioclás I na Rúise, agus Seomra 1855, ar an taobh eile den Seomra Bogha. Tá an Seomra Bogha i lár na seomraí sin agus téann na mílte cuairteoirí tríd gach bliain ag cóisirí gairdín na Banríona sa ghairdín lastall. Úsáideann an Bhanríon seomraí níos lú sa sciathán thuaidh go príobháideach.