An difríocht idir athruithe ar: "Laethanta na Bó Riabhaí"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Laethanta na Riabhaí - sin é an ainm a tugtar ar an dá lá deireannach den Mhárta agus an chéad-lá den Aibreán. Seo é an scéal atá air. Do bhí seanbhó riab…
 
No edit summary
Líne 1:
Laethanta na Riabhaí - sin é an ainm a tugtar ar an dá lá deireannach den [[Márta|Mhárta]] agus an chéad-lá den [[Aibreán]]. Seo é an scéal atá air. Do bhí seanbhó riabhach ann agus do bhí sí go lom agus go tarraingthe tar éis an [[geimhreadh|Gheimhridh]], agus é faighte go dóite aici ón ndrochaimsir. Ach an uair bhí sé ag bualadh le deireadh Márta, bí an-áthas ar an tseanriabhaigh, an lá bheith faighte ar an nGeimhreadh aici, agus d'fhógair sí don Mhárta a dhícheall a dhéanamh. Dhá lá den Mhárta a bhí gan caitheamh, agu do shéid sé gaoth mhór agus sneachta, agus sioc agus báisteach an dá lá sin nó go ndóbair go gceiliúrfadh an tseanbhó. Pé scéal é, ní foláir nó bhí sí righin, mar sheas sí amach an dá lá, agus bhí ardríméad uirthi an tAibreán do bheith aici. Ach cad a rinne an Márta ach lá do lorg ar iasacht ón Aibreán, agus do lean an drochaimsear ar an triú lá, agus cailleadh an tseanriabhach bhocht an lá sin leis an bhfuacht agus an anfa. Deirtear i mballaleagan eile den scéal go bhfuair an Márta dhá lá dhéag ar iasacht ón Aibreán.