An difríocht idir athruithe ar: "Quimper"

Content deleted Content added
m robot Adding: uk:Кемпер
m robot Adding: kw:Kemper; cosmetic changes
Líne 4:
Is cathair agus chomh-phobal in iarthar [[An Bhriotáin|na Briotáine]] í '''Kemper''' (''Quimper'' as [[Fraincis]], ''Corspotium'' as [[Laidin]]). Tá tuairim is 70,000 daoine ina gcónaí inti.
 
== Suíomh ==
Tá an chathair suite i ngleann ina dtagann béal abhann an Odet agus an Steir le chéile gar do chósta thiar-theas na Briotáine agus is príomh-chathair [[Penn-ar-Bed|Contae Penn-ar-Bed]] í. Tá sí 55km siar ó thuaidh ó [[An Orient]], 172km siar ó [[Roazhon]] agus 485km siar ó dheas ó [[Páras|Pháras]].
 
Tagann a h-ainm ón bhfocal Briotánach ''kembraeg'' (mar an gcéanna leis an bhfocal ''cumar'' as Gaeilge) ar ghabhal dhá ghleann.
 
== Stair ==
Bhí baile ann in aimsir na Rómhánach agus ba shuíomh easpaig í sa bhliain 495. Glaotar [[Bro-Gerne]] (''La Cornuaille'' as Fraincis) ar an réigiún mor-thimpeall Kemper mar gurb as [[Corn na Breataine]] muintir na háite a theith ó na Sacsanaigh i ndiaidh titim [[Impireacht na Róimhe]] sa 6ú haois.
 
Líne 22:
Tháinig an iarnród chuig an gcathair ar a slí go dtí calafort Douarnenz sa bhliain 1863. aontaíodh na ceithre chomhphobail (Kemper, Ergué-Armel, Kerfeunteun agus Penhars) sa bhliain 1960 chun mór-chathair Kemper a chruthú.
 
== Radharcanna ==
Is í Ardeaglais ar stíl Gotach Naomh Chorentin (a ainmníodh i gcuimhne an chéad easpag Kemper) an radharc is cáiliúla i gKemper. Tógadh í idir an 13ú agus an 16ú aois. Tá a dá thúr 80m ar airde agus tógadh stuanna ar an mbeirt díobh sa 19ú aois. Bunaíodh Séipéal Locmara ar stíl Rómhánúil sa 11ú haois.
 
Líne 29:
Tá cuma ar leith ar shean-bhaile Kemper agus tá a lán tithe leath-adhmad le feiscint fós ann. Tá fócas na cathrach dírithe freisin ar na céanna ar bhruach an Odet.
 
== Cultúr ==
Tá bailiúcháin mór d'earraí ó shean-saol na Briotáine le feiscint in Iarsmalann Réigiúnach na Briotáine (''Musée Departmental Breton'') atá suite i Sean-Phalás an Easpaig.
 
Líne 38:
Is féidir obair an photaire cáiliúla Jean-Baptiste Bousquet le feiscint in Iarsmalann Faïence.
 
== Nasc-Bhailte ==
Tá Kemper nascaithe le Luimneach na h-Éireann, Remscheid na Gearmáine, An Eaglais Bhreac na h-Alban agus Ourense na Spáinne.
{| valign="top" class="wikitable"
Líne 84:
[[it:Quimper]]
[[ja:カンペール]]
[[kw:Kemper]]
[[la:Coriosopitum]]
[[nl:Quimper]]