An difríocht idir athruithe ar: "Cill Chainnigh"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 11:
daonáireamh = 2006 |
}}
Is í '''Cill Chainnigh''' an chathair intíre is mó in [[Éire|Éirinn]], agus 2025,735000 duine ina gcónaí ann de réir dhaonáireamh na bliana [[2002]]. Tá sí suite i g[[Contae Chill Chainnigh]] ar bhruach [[Abhainn na Feoire]].
 
[[Íomhá:Kilkenny castle.jpg|thumb|left|Caisleán Chill Chainnigh]]
B'ardchathair í sna meánaoiseanna ([[1293]]-[[1408]]) agus arís le linn na Cónaidhme sna blianta [[1642]]-[[1648]]. Faoi láthair, tá Cill Chainnigh ag céilúradh a stádas mar chathair. Is iomaí cóisir atá le feiceáil ar na sráideanna. Bhronn [[Séamas I Shasana]] (agus VI Alban) cairt chathrach ar Chill Chainnigh sa bhliain [[1609]].
 
Inniu is mór an chathair thráchtála í. Níl aon fhostóirí móra sa chathair anois ach tá tarraingt na dturasóirí ann agus an-suim acu i g[[Caisleán Chill Chainnigh]].
 
Níl an chathair seo ach 45km ó Cathair Phort Láirge agus tá tú in ann traen a thógáil go dtí an áit sin go díreach, 93km ó Cathair Luimní agus 101km ó Baile Átha Cliath agus tá traen le fáil go dtí an áit sin chomh maith.
 
== Spórt ==
'Na Cait' a thugtar ar fhoireann iománaíochta an chontae agus bíonn rath orthu. Iadsan a bhuaigh ar [[CLG Chontae Phort Láirge|Phort Láirge]] i g[[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann]] sa bhliain 2008 agus rug siad an chraobh leo uair is tríocha.
 
== Na foirgnimh is suntaisí==
Níl aon amhras ach gur cathair méanaoiseach í Cill Chainnigh agus mar sin is iomaí foirgneamh áileann atá le feiceáil inti. Cuirim i gcás a caisleán atá i lár na cathrach. Ceann de na caisleáin is fearr in Éireann é sin agus bíonn an áit sin plódaithe le turasóirí chuile samhraidh. Tá gáirdín den chéad scoth timpeall an caisleán chomh maith.
 
Tá Ardeaglaisí iontacha sa chathair seo. "St. Mary's" agus "St. Canice's" is ainm dóibh agus tá siad le feiceáil i ngach áit sa chathair. Maidir le St. Canice's, téann sé ar ais go dtí an noú aois agus tá sé ceann de na ardeaglaisí is fearr in Éireann, gan amhras. Tá cloigtheach in aice leis chomh maith agus tá cead agatsa dul isteach.
 
==An Cultúr==
Tá cáil ar Chill Chainnigh mar chathair méanaoiseach agus is iomaí féile a bhíonn ar súil chuile blian. Cuirim i gcás an "Arts Festival", "Cat Laughs", "Rhythm and Roots", "Hot Air Baloon" srl. Tá an áit sin plódaithe le daoine gach samhraidh.
 
==Naisc sheachtracha==