An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Ní fada an t-achar a chaith '''Cromail in Éirinn''' - níos lú ná dhá bhliain - agus níor éirigh chomh maith leis is a shíltear go minic, ach d'fhág sé féin agus na ginearáil a lean é rian ar an tír atá soiléir go fóill.
 
Faoin mbliain 1648 bhí an Chéad Chogadh Cathartha i Sasana críochnaithe agus an Pharlaimint i réim, a bhuíochas sin ar Oilibhéar Cromail agus ar cheannairí cumasacha eile. Faoi dheireadh na bliana ní raibh fágtha sa Pharlaimint ach feisirí ar mhian leo Séarlas I a thriail ar chúiseamh tréasa (bhídhíbir an chuidCoirnéal eileThomas díbeartha agPride an gCoirnéalchuid Thomas Prideeile). Thaobhaigh Cromail leis na feisirí a raibh triail uathu (an “Rump”) agus shínigh sé féin agus a lán eile barántas báis an Rí. Básaíodh é siúd ar 30 Eanáir 1649.
 
Idir an dá linn bhí Ríogaithe ag cruinniú le chéile in Éirinn, áit a ndearna siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann sa bhliain 1649. Ba é seo an rud ba mhó ba bhaol do Pharlaimint Shasana, go fiú má bhí Caitlicigh éigin i gcoinne an chomhaontais agus roinnt Ríogaithe Protastúnacha i Sasana ag dul de réir a chéile i leith na Parlaiminte. Dúirt Cromail féin le Comhairle an Airm ar 23 Márta 1649 go raibh na hÉireannaigh “the most dangerous”.<ref>Féach Lenihan, Pádraig (2000). ''Confederate Catholics at War'' (Cork University Press), ISBN 1-85918-244-5, lch 115.</ref> I Mí Mhárta cheap an Pharlaimint Cromail chun dul anonn i gceann feachtais. Chaith sé tamall maith ag fáil faoi réir agus i Mí Iúil ghluais sé féin agus a arm ó Bhristol.
Líne 14:
D’éirigh leis áiteamh ar na saighdiúirí Protastúnacha Ríogaí i gCorcaigh teacht leis, rud ar mhór an bua ann féin é agus a chuir treise ar a thábhachtaí a bhí cúrsaí creideamh sa chogadh seo. <ref> Fraser, pp.321-322; Lenihan, p.113.</ref> Ach tháinig scéala chuige go raibh Séarlas II tar éis Albain a bhaint amach, agus d’fhill sé ar Shasana ó Eochaill ar 16 Bealtaine 1650. <ref>Fraser, p.355.</ref>
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis dó imeacht. Ghéill Gaillimh, an baile mór deireanach a bhí ag na Caitlicigh, i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus maraíodh aon sagart a gabhadh. Meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar thalamh garbh i gCúige Connacht a roinnt ar ar fágadh d’úinéiríde na húinéirí Caitliceacha talún, agus is dócha gur laghdaigh a gcuid den talamh iomláni gcoitinne ó 60% go 8%.
Theip ar Chromail agus ar a nginearáil deireadh a chur leis an treallchogaíocht, áfach. Lean na Tóraithe orthu ag crá na Sasanach, agus dá dhéine iad na hiarrachtaí a tugadh ar na trodaithe úd a chloí is ea is mó a gríosaíodh chun comhraic iad. <ref>Peter Beresford Ellis, 1975, "Hell or Connaught!"</ref> Ní furasta, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir treallchogaithe agus ropairí ina leithéid de chás.