An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán Lios Cearúill"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 4:
 
Sa bhliain 1936 ainmníodh an caisleán mar Shéadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí, agus tosaíodh á dheisiú.
 
Tá an caisleán suite ar charraig i seascann lastuaidh de Lios Cearúill. Tá cearnóg istigh agus múir chruinne chosanta ina timpeall atá isteach is amach le cúig throigh is fiche ar airde agus timpeall cúig throigh ar dhoimhne ag a mbun. Tá ceithre thúr ann agus caoi réasúnta maith ar thrí cinn acu; ar éigean atá dúshraith an túir thiar theas le feiceáil, agus sa cheann sin a bhí an tobar.
 
Line 10 ⟶ 11:
Tá dhá thúr eile ann agus cuma chearnach orthu. Tá an ceann is lú acu ar an taobh amuigh den mhúr thuaidh; tá ballaí an túir féin an-tiubh, seomra in airde ann agus boghta cruinn air, agus poll thíos ar cosúil le tobar nó carcair é. Tá staighre balla ag gabháil suas chun ardán an dín, agus doirse thiar agus thoir a thugann amach go dtí na cosáin bhalla thú.
 
Is é túr an gheata an ceann is mó, agus cuma air go mbaineann sé le leath thosaigh an 13ú aois, sular tháinig tithe geata dhá thúr san fhaisean. Téitear isteach trí bhealach boghta; dealraíonn sé go raibh geata amuigh, geata crochta dhá throigh is fiche siar uaidh, agus geata eile sé throigh siar uaidh sin arís. Tá inse cloiche amháin dá chuid ann. Ní féidir a rá anois an raibh droichead tógála ann. Tá dhá poll "murdair" ann sa bhoghta ar chúl an gheata amuigh.
 
==Féach freisin==