An difríocht idir athruithe ar: "Edgar Rice Burroughs"

Content deleted Content added
{{Bosca sonraí}}
Líne 19:
 
[[Íomhá:Tarzan of the Apes.jpg|clé|150px|thumb|Clúdach an leabhair ''Tarzan of the Apes''.]]
Bhí Burroughs ag saothrú a choda ag díol biorthóirí peann luaidhe, nuair a thosaigh sé ag cumadh scéalta. Bhí sé thar a bheith míshásta leis na scéalta a léadh sé ar na hirisí laín (''pulp'')[[Garrfhicsean|garrfhicsin]] a raibh ráchairt na ndaoine orthu ag an am, roimh theacht na scannán agus na teilifíse, agus faoi dheireadh, chinn sé ar an scéalaíocht a mhúineadh dóibh siúd a bhí i mbun na hoibre roimhesean. Sa bhliain 1912, cuireadh an chéad sraithscéal óna pheann i gcló ar an iris ''All-Story''. B'é sin ''Under the Moons of Mars'', a foilsíodh mar leabhar ina dhiaidh sin faoin teideal ''The Princess of Mars''. B'é seo an chéad scéal faoi [[John Carter (Mars)|John Carter]].
 
Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Burroughs leis an scríbhneoireacht mar obair lánaimseartha, agus tháinig an chéad leabhar faoi Tarzan ar pár sa bhliain chéanna. B'é Tarzan ba mhó a thuill clú dó mar scríbhneoir, ach thairis sin, scríobh sé cuid mhór scéalta [[ficsean eolaíochta|ficsin eolaíochta]] nach raibh baint acu le Tarzan ná le John Carter.
 
B'é Tarzan an laoch ba cháiliúla acu go léir, áfach. Nuair a tuigeadh do Burroughs cé chomh tugtha a bhí na léitheoirí do Tarzan, d'fhéach sé le leas a bhaint as Tarzan ar gach aon bhealach, idir scannáin, ghreannáin (coimicí) agus deismireáin. D'iompaigh Tarzan ina bhrainse tionsclaíochta ann féin, agus is íocón cultúrtha é i gcónaí. Sa bhliain 1923, bhunaigh Burroughs a ghnólacht féin, ''Edgar Rice Burroughs, Inc.'', agus de réir a chéile, thosaigh sé ag foilsiú agus ag clóbhualadh a chuid leabhar féin.
 
==A Shaothar==