An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Needs review
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 33:
Is é an toradh eile a bhí ar theacht Chromail meath na scothaicme Gaelaí, rud a d’fhág a rian ar chúrsaí litríochta. Na hÉireannaigh a raibh scríobh acu chuir siad a gcrá in iúl i bhfriotal ealaíonta an tseansaoil, mar a rinne [[Fear Dorcha Ó Mealláin]] agus é ag scríobh faoi dhíbirt na gCaitliceach d’aicmí ab airde ná aicme an cheárdaí agus an sclábhaí siar chun Connacht agus chun Contae an Chláir:

:''Colam Cille feartach caomh''

:'''s Colmán mhac Aoidh, ceann na gcliar''

:''beid linn uile ar aon slí''

:''‘s bígí ag caoi faoi dhul siar''

:''Nach dtuigeann sibh, a bhráithre gaoil''

:''cúrsaí an tsaoil le fada buan?''

:''gé mór atá ‘nár seilbh''

:''beag bheas linn ag dul san uaigh''

Faoin mbliana 1660 bhí smacht Shasana daingean go leor, ach níorbh fhéidir le haon duine an t-imeascadh a chosc in Éirinn. Go fiú sa bhliain 1669 chonaic Ludlow go raibh mórán saighdiúirí a bhí ar stáisiún in Éirinn ag pósadh mná áitiúla, go háirithe i gConnacht. Scríobh an Sasanach Robert Molesworth (''A True Way to Render Ireland Happy and Secure'', 1697), agus é ag machnamh ar bhuaine an chultúir Ghaelaigh: “We cannot so much wonder at this when we consider how many there are of the children of Oliver’s soldiers in Ireland who cannot speak one word of English”.<ref>Féach Bereford Ellis, lch 249.</ref>