An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Naisc (Layout)
Líne 1:
Ní fada an t-achar a chaith '''Cromail in Éirinn''' - níos lú ná dhá bhliain - agus níor éirigh chomh maith leis is a shíltear go minic, ach d'fhág sé féin agus na ginearáil a lean é rian ar an tír atá soiléir go fóill.
 
==Cúlra==
Faoin mbliain 1648 bhí an [[Cogadh Cathartha Shasana|Chéad Chogadh Cathartha i Sasana]] críochnaithe agus an Pharlaimint i réim, a bhuíochas sin ar [[Oilibhéar Cromail]] agus ar cheannairí cumasacha eile. Faoi dheireadh na bliana ní raibh fágtha sa Pharlaimint ach feisirí ar mhian leo [[Séarlas I Shasana|Séarlas I]] a thriail ar chúiseamh tréasa (dhíbir an Coirnéal Thomas Pride an chuid eile). Thaobhaigh Cromail leis na feisirí a raibh triail uathu (an “Rump”) agus shínigh sé féin agus a lán eile barántas báis an Rí. Básaíodh é siúd ar [[30 Eanáir]] [[1649]].
 
Idir an dá linn bhí Ríogaithe ag cruinniú le chéile in [[Éire|Éirinn]], áit a ndearna siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann sa bhliain 1649. Ba é seo an rud ba mhó ba bhaol do Pharlaimint Shasana, go fiú má bhí Caitlicigh éigin i gcoinne an chomhaontais agus roinnt Ríogaithe [[Protastúnachas|Protastúnacha]] i [[Sasana]] ag dul de réir a chéile i leith na Parlaiminte. Dúirt Cromail féin le Comhairle an Airm ar 23 Márta 1649 go raibh na hÉireannaigh “the most dangerous”.<ref>Féach Lenihan, Pádraig (2000). ''Confederate Catholics at War'' (Cork University Press), ISBN 1-85918-244-5, lch 115.</ref> I Mí Mhárta cheap an Pharlaimint Cromail chun dul anonn i gceann feachtais. Chaith sé tamall maith ag fáil faoi réir agus i Mí Iúil ghluais sé féin agus a arm ó [[Bristol|Bhristol]].
 
[[File:Oliver Cromwell by Robert Walker.jpg|thumb|left|Oilibhéar Cromail c.1649. [[Robert Walker (painter)|Robert Walker]] a rinne.]]
Bhí gráin ag Cromail ar an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chaitliceach]] agus barúil aige gur shéan sí ríthábhacht an Bíobla|Bhíobla]] agus go ndearna sí leatrom agus géarleanúint ar Phrotastúnaigh san [[Eoraip]]. Rud eile a chuaigh i bhfeidhm air ba ea ceannairc na bliana 1641 in Éirinn, nuair a mharaigh Caitlicigh roinnt Protastúnach ó Shasana agus ó [[Albain]] a chuir fúthu ar thailte na nGaeln[[Gael]]. Rinneadh áibhéil ar an líon daoine a ndearnadh ár orthu agus ar an drochíde a tugadh dóibh, agus is iomaí Sasanach a chreid na scéalta uafásacha a bhí á scaipeadh. Rinne Cromail féin tagairt do na cúrsaí seo – “the"the most unheard of and barbarous massacre”massacre" – agus is dócha gurbh é sin ba chúis leis an lámh chrua a choinnigh sé leis na hÉireannaigh. <ref>Beresford Ellis, Peter (1975). ''Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660'', Hamish Hamilton, lch 21.</ref>
 
==In Éirinn==
Sular tháinig Cromail ní raibh i seilbh na Parlaiminte ach [[Baile Átha Cliath]] agus [[Doire]], ach ba ghearr gur ghabh sé an chuid ba mhó den oirthear agus den tuaisceart. Ar dtús ghabh sé dhá chalafort dhaingnithe, [[Droichead Átha]] agus [[Loch Garman]], chun go mbeadh sé in ann lón a thabhairt anall ó Shasana. I Meán Fómhair 1649 mharaigh saighdiúirí Chromail beagnach 3,500 duine i nDroichead Átha tar éis gur ghéill an baile mór – b’inb'in timpeall 2,700 saighdiúir Ríogaí agus gach fear a raibh airm ar iompar aige, agus roinnt sibhialtach, príosúnach agus sagart.<ref name="autogenerated2">Kenyon, John & Ohlmeyer, Jane (eag.). ''The Civil Wars'', Oxford 1998, lch 98.</ref> I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i Loch Garman, cé nach léir cén fáth ná conas. Nuair a bhí Cromail ag iarraidh dul chun socraithe bhris cuid de na saighdiúirí isteach sa bhaile mór, mharaigh 2,000 saighdiúir Éireannach agus suas le 1,500 siabhialtach, agus rinne luaith de roinnt mhaith de na tithe.<ref>Fraser, Antonia (1973). ''Cromwell, Our Chief of Men,'' agus ''Cromwell: the Lord Protector'' (Phoenix Press), ISBN 0-7538-1331-9 lgh344-46.</ref>
 
Tar éis ghabháil Dhroichead Átha chuir Cromail saighdiúirí ó thuaidh chun greim a fháil ar an tuaisceart agus chuaigh i mbun bailte móra eile a imshuí. Ghéill [[Cill Chainnigh]] ar choinníollacha, mar a rinne a lán bailte móra eile, leithéidí Ros Mhic Thriúin agus [[Ceatharlach|Cheatharlach]], ach theip air [[Port Láirge]] a ghabháil, agus nuair a d’imshuigh sé [[Cluain Meala]] i Mí Bealtaine, 1650, chaill sé suas le 2,000 fear sa troid sular ghéill an baile mór.<ref name="autogenerated4">Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.</ref>
 
D’éirigh leis áiteamh ar na saighdiúirí Protastúnacha Ríogaí i gCorcaighg[[Corcaigh]] teacht leis, rud ar mhór an bua ann féin é agus a chuir treise ar a thábhachtaí a bhí cúrsaí creidimh sa chogadh seo.<ref> Fraser, lgh 321-322; Lenihan, lch 113.</ref> Ach tháinig scéala chuige go raibh Séarlas II tar éis Albain a bhaint amach, agus d’fhill sé ar Shasana ó Eochaill ar 16 Bealtaine 1650. <ref>Fraser, lch 355.</ref>
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis dó imeacht. Ghéill [[Gaillimh]], an baile mór deireanach a bhí ag na Caitlicigh, i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus maraíodh aon sagart a gabhadh. Meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun [[na nIndiacha Thiar]] mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar thalamh garbh i gCúigeg[[Cúige Connacht]] a roinnt ar ar fágadh de na húinéirí Caitliceacha talún, agus is dócha gur laghdaigh a gcuid den talamh i gcoitinne ó 60% go 8%.
Theip ar Chromail agus ar a nginearáil deireadh a chur leis an treallchogaíocht, áfach. Lean na Tóraithe orthu ag crá na Sasanach, agus dá dhéine iad na hiarrachtaí a tugadh ar na trodaithe úd a chloí is ea is mó a gríosaíodh chun comhraic iad. <ref>Beresford Ellis, lch</ref> Ní furasta, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir treallchogaithe agus ropairí ina leithéid de chás.
==An rian a d’fhágd'fhág Cromail ar Éirinn==
 
[[Image:cromwellcoin.jpg|thumb|Leathchoróin a cumadh le linn Chromail, 1658. Deir an inscríbhinn Laidine: OLIVAR.D.G.RP.ANG. - SCO.ET.HIB&cPRO (OLIVARIUS DEI GRATIA REIPUBLICAE ANGLIAE SCOTIAE ET HIBERNIAE ET CETERORUM PROTECTOR) - "Oilibhéar, Cosantóir Chomhlathas Shasana, na hAlban agus na hÉireann trí Dheonú Dé".]]
Nuair a tháinig Cromail chun na hÉireann d’ordaigh sé nach mbainfí lón de bhunadh na haite mura n-íocfaí go cothrom as. Níor ghlac sé leis riamh go raibh sé freagrach as marú sibhialtach in Éirinn, agus dúirt nach raibh sé dian ar aon dream ach amháin daoine a raibh airm ar iompar acu.<ref>Philip McKeiver, 2007, "A New History of Cromwell's Irish Campaign"</ref> Ba é an nós míleata a bhí i bhfeidhm ag an am nach dtabharfaí trócaire d’aon bhaile mór ná d’aon gharastún nach ngéillfeadh agus deis acu chuige.<ref>Woolrych, Austin (1990). "Cromwell as a soldier" as Morrill, John (eag.), ''Oliver Cromwell and the English Revolution'', Longman, lch 111; Gaunt, lch 117.</ref> Dhiúltaigh garastún Sasanach Dhroichead Átha géilleadh ar dtús.
 
Nuair a tháinig Cromail chun réitigh le bailte móra in Éirinn, leithéidí Cheatharlach agus Chluain Meala, chloígh sé leis na coinníollacha agus chosain sé beatha agus earraí na ndaoine. <ref>Gaunt, lch 116.</ref> Deir Tom Reilly, scoláire agus údar, gur sa [[19ú haois]] a cumadh an scéal faoi shléacht na sibhialtach i nDroichead Átha agus i bPort Láirge, ach tá scoláirí eile ann nach bhfuil ar aon intinn leis.<ref>John Morrill. "Rewriting Cromwell: A Case of Deafening Silences." ''Canadian Journal of History.'' December 2003: 19.</ref>
 
An chuid ba dhéine den chur faoi chois rinneadh é faoi cheannas ginearál eile tar éis do Chromail imeacht. Scriosadh barra d’aonghnó agus bhí an dá thaobh ag marú eallach a chéile, agus meastar gurb é an scrios sin ba chúis le bás timpeall 600,000 duine as daonra 1,400,000. Sa bhliain 1655 scríobh an Coirnéal Richard Lawrence, gobharnóir Phort Láirge, gur scrios an phlá agus an gorta an oiread sin daoine timpeall na mblianta 1652 agus 1653 gurbh fhéidir leat fiche nó tríocha míle slí a shiúl agus gan beo ná ceo a fheiceáil. Ba chúis iontais é deatach nó tine a fheiceáil, agus dúirt William Petty, suirbhéir na hÉireann, nach raibh le hithe ag na bochtáin ach fiaile nó feoil lofa. <ref>Féach Beresford Ellis, lgh 8-9.</ref> Ba é Petty, freisin, a dúirt go raibh 1,448,000 duine in Éirinn sa bhliain 1641 agus gur cailleadh 616,000 díobh faoin mbliain 1652 – sin 504,000 Éireannach in éineacht le 112,000 coilíneach agus saighdiúir Sasanach.<ref>Beresford Ellis, lch 25.</ref>
Line 30 ⟶ 31:
Is cinnte gur tháinig an-athrú ar dhreach na tíre de bharr a ndearna na húinéirí nua, agus is éard ba chionsiocair leis sin leagan na gcoillte le haghaidh curadóireachta, adhmaid nó fhioghual na gceártaí iarrainn. Thug an Sasanach Gerald Boate (1652) cuntas ar an méid crann a leagadh chuige – “an infinite number of trees”.<ref>Beresford Ellis, lch 28.</ref>
Is é an toradh eile a bhí ar theacht Chromail meath na scothaicme Gaelaí, rud a d’fhág a rian ar chúrsaí litríochta. Na hÉireannaigh a raibh scríobh acu chuir siad a gcrá in iúl i bhfriotal ealaíonta an tseansaoil, mar a rinne [[Fear Dorcha Ó Mealláin]] agus é ag scríobh faoi dhíbirt na gCaitliceach d’aicmí ab airde ná aicme an cheárdaí agus an sclábhaí siar chun Connacht agus chun [[Contae an Chláir]]:
 
:''Colam Cille feartach caomh''<br>
Line 87 ⟶ 88:
 
[[Catagóir:Stair na hÉireann]]
 
[[da:Cromwells erobring af Irland]]
[[de:Rückeroberung Irlands]]
[[en:Cromwellian conquest of Ireland]]
[[es:Conquista de Irlanda por Cromwell]]
[[fr:Conquête cromwellienne de l'Irlande]]
[[pl:Kampania Cromwella w Irlandii]]