An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Gearmáine"

Content deleted Content added
Líne 22:
 
===An Mheánaois Luath===
 
Bhí a lán treibheacha Gearmánacha ag tabhairt aghaidhe ar an Deisceart ón gcéad aois AD i leith, ach nuair a tháinig na Hunaigh sa bhliain 375, thosaigh Imirce Mhór na Náisiún, an ''Völkerwanderung'', i gceart. Shroich an imirce seo a buaicphointe sa chúigiú haois, agus sa bhliain 476, thit an tóin as Impireacht na Róimhe Thiar faoi bhrú na dtreibheacha Gearmánacha. Chuaigh cuid mhór treibheacha Gearmánacha a fhad le Deisceart na hEorpa agus Tuaisceart na hAfraice. D'fhág siad tailte folmha ina ndiaidh, agus tháinig na Slavaigh in áit na nGearmánach. Taobh thoir den [[An Eilbe|Eilbe]], bhí canúintí Slavacha á labhairt chomh forleathan sa Mheánaois agus gur bhaist na staraithe ''Germania Slavica'' ar an gcuid seo den Ghearmáin. Is dóigh leis na teangeolaithe go bhfuil sloinne Slavach ar dhuine as gach triúr Gearmánach inniu. Ba í ríocht na bhFranc a d'fhorghabh an chuid ba mhó d'Iarthar is de Lár na hEorpa sa séú haois.
 
===An Mheánaois Ard===