An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Tungusacha"

Content deleted Content added
Naisc +Rang +IV
Líne 1:
[[Fine teangacha]] iad na '''teangacha Tungúsacha''' agus iad á labhairt sa [[An Mhanchúir|Mhanchúir]] agus in oirthear na [[An tSibéir|Sibéire]]. De réir teoiricí áirithe, is cuid de na teangacha Altaecha iad, ach le fírinne, is iomaí [[teangeolaíocht|teangeolaí]] a shíleann inniu nach bhfuil a leithéid d'fhine teangacha ann ar aon nós agus na teangacha Altaecha; thairis sin, is deacair teacht ar bheirt theangeolaithe a bheadh ar aon fhocal faoi na [[teanga (cumarsáid)|teangacha]] ba chóir a rangú san fhine "Altaech". Mar sin, is fearr dearcadh ar na teangacha Tungúsacha mar fhine neamhspleách.
 
Teangacha táite greamaitheacha iad na teangacha Tungúsacha, is é sin, cuirtear iarmhír i ndiaidh iarmhíre leis na focail le foirmeacha gramadúla a chruthú; cuid de na teangacha seo tá córas casta tuiseal acu, agus iarmhíreanna éagsúla ag na briathra freisin le haimsirí is le gnéithe a chur in iúl.
Líne 5:
Athraítear dhá phríomhchraobh i gcrann ginealais na dteangacha Tungúsacha, mar atá:'
 
* an chraobh thuaisceartach: an teanga Evenki (an [[Tungúisis]] sa chiall chúng), an teanga Even (nó an Lamúitis), an teanga Oroqen (a labhraítear i gCúige Heilongjiang sa [[An tSín|tSín]]), an teanga Negidal (i gCian-Oirthear na Rúise). Tá canúintí eile fós, ar deacair a rá fúthu cé acu teangacha neamhspleácha nó canúint´´i de chuid na dteangacha Evenki, Even, Oroqen nó Negidal iad.
 
* an chraobh dheisceartach, agus í féin roinnte ina dhá fochraobh, mar atá, na teangacha Tungúsacha Oir-Dheisceartacha agus na teangacha Tungúsacha Iar-Dheisceartacha (nó na teangacha Manchúracha). Is í an teanga Nanai (nó Goldi) an ceann is tábhachtaí san fhochraobh Oir-Dheisceartach. Maidir leis an gcraobh eile, is iad an teanga Jurchen (an tsean-Mhanchúiris), an Mhanchúiris (Chlasaiceach) agus an teanga Sibo nó [[Xibe]] na teangacha is tábhachtaí inti.
 
Teangacha nó canúintí beaga iad na teangacha Tungúsacha go léir inniu. Go tipiciúil, ní bhíonn ach cúpla dosaen, cúpla céad nó cúpla míle duine á labhairt, agus cuid mhór acu ag saothrú an bháis. Is iad an teanga Xibe (tríocha míle cainteoir i Xinjiang), an teanga Evenki (timpeall ar 29 míle, ach níl cónaí orthu go léir in aon tír amháin, agus tá difríochtaí móra idir na canúintí) agus an teanga Even (seacht míle cainteoir) na teangacha "móra" san fhine seo. Tá an Mhanchúiris féin ag dul in éag inniu.
Líne 15:
==Na Tungúsaigh sna Meáin Chumarsáide==
 
Sa bhliain 1923, d'fhoilsigh an taiscéalaí [[An Rúis|Rúiseach]] Vladimir Arsenyev leabhar faoin gcaidreamh a bhí aige le Dersu Uzala, sealgaire Tungúsach (is dócha gurb í an teanga Nanai a bhí ó dhúchas aige) a bhí ina threoraí ag Arsenyev agus a fhoireann sna blianta 1902-1907. Bhí Dersu Uzala eolach ar bhealaí na coille, mar ba dual dó, agus is iomaí uair a tháinig sé chun tarrthála d'Arsenyev sa chruachás. Níor fhág Arsenyev fuíoll molta ar Dersu sa leabhar, buíoch beannachtach mar a bhí sé. Ar an drochuair, ní raibh sé i ndán do Dersu féin na focail mholta a chloisteáil, nó fuair sé bás sa bhliain 1908.
 
Sa bhliain 1975, tháinig scéal Dersu Uzala ar an scáileán, ó spreag an leabhar stiúrthóir mór na Seapáine, [[Akira Kurosawa]], chun é a scannánú. Roimhe sin, áfach, bhí an leabhar scannánaithe sa bhliain 1961 ag an stiúrthóir Sóivéadach Agasi Babayan.
 
[[Catagóir:Fine Teangacha|Tungúsacha]]
 
[[br:Yezhoù toungousek]]
[[bg:Тунгусо-манджурски езици]]
[[ca:Llengües manxú-tungús]]
[[de:Tungusische Sprachen]]
[[en:Tungusic languages]]
[[es:Lenguas tunguses]]
[[eo:Tunguso-manĝura grupo]]
[[fr:Langues toungouses]]
[[ko:퉁구스어족]]
[[io:Tungusiana lingui]]
[[it:Lingue tunguse]]
[[he:שפות טונגוסיות]]
[[lt:Tungusų-mandžiūrų kalbos]]
[[mk:Тунгуски јазици]]
[[mn:Тунгус хэлний бүлэг]]
[[nl:Toengoezische talen]]
[[ja:ツングース諸語]]
[[no:Tungusiske språk]]
[[nn:Tungusiske språk]]
[[pl:Języki tungusko-mandżurskie]]
[[pt:Línguas tungúsicas]]
[[ro:Limbi tunguze]]
[[ru:Тунгусо-маньчжурские языки]]
[[simple:Tungusic languages]]
[[fi:Tunguusikielet]]
[[sv:Tungusiska språk]]
[[th:ภาษากลุ่มตังกูสิต]]
[[tr:Tunguzca]]
[[uk:Тунгусо-маньчжурські мови]]
[[zh:通古斯语族]]