An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Gearmáine"

Content deleted Content added
Líne 23:
===An Mheánaois Luath===
 
Bhí a lán treibheacha Gearmánacha ag tabhairt aghaidhe ar an Deisceart ón gcéad aois AD i leith, ach nuair a tháinig na Hunaigh sa bhliain 375, thosaigh Imirce Mhór na Náisiún, an ''Völkerwanderung'', i gceart. Shroich an imirce seo a buaicphointe sa chúigiú haois, agus sa bhliain 476, thit an tóin as Impireacht na Róimhe Thiar faoi bhrú na dtreibheacha Gearmánacha. Chuaigh cuid mhór treibheacha Gearmánacha a fhad le Deisceart na hEorpa agus Tuaisceart na hAfraice. D'fhág siad tailte folmha ina ndiaidh, agus tháinig na Slavaigh in áit na nGearmánach. Taobh thoir den [[An Eilbe|Eilbe]], bhí canúintí Slavacha á labhairt chomh forleathan sa Mheánaois agus gur bhaist na staraithe ''Germania Slavica'' ar an gcuid seo den Ghearmáin. Is dóigh leis na teangeolaithe go bhfuil sloinne Slavach ar dhuine as gach triúr Gearmánach inniu.

Ba í ríocht na bhFranc a d'fhorghabh an chuid ba mhó d'Iarthar is de Lár na hEorpa sa séú haois, agus iarthuaisceart na Gearmáine á rialú ag na Sacsanaigh.
 
Faoi cheannas Shéarlais Mhóir, d'aontaigh na Frainc Iarthar Lár na hEorpa in aon ríocht amháin a shroich ón Aigéan Atlantach a fhad le Muir Bhailt agus leis na hAlpa. Nuair a fuair Séarlas Mór bás, roinneadh an ríocht ina trí chuid de réir Chonradh Verdun sa bhliain 843. Ba í Ríocht na bhFranc Thiar síol na Fraince, agus baint ag Ríocht na Fraince Thoir le hImpireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh.
 
I ndiaidh chríochdheighilt na bliana 843, thosaigh Ríocht na bhFranc ag titim as a chéile. Bhí Laoiseach Cráifeach (Gearmáinis: ''Ludwig der Fromme'', Fraincis: ''Louis le Pieux''), mac Shéarlais, in ann an stát a choinneáil le chéile go fóill. Cheap Laoiseach an mac ba sine aige, Lotár, mar ríchomharba. Fuair Lotár an chuid lárnach den ríocht, chomh maith le céimíocht an Impire. Fágadh Laoiseach Gearmánach an t-oirthear, agus tugadh an t-iarthar do Shéarlas Maol. Nuair a fuair clann mhac Lotáir bás, roinn Séarlas agus Laoiseach lárchuid na himpireachta eatarthu. I ndiaidh bhás Laoisigh sa bhliain 876, arís, roinn a chlann mhac féin ríocht an oirthir ina trí chuid eatarthu.
 
===An Mheánaois Ard===