An difríocht idir athruithe ar: "Críochdheighilt na hÉireann"

Content deleted Content added
m robot Adding: pt:Partição da Irlanda
No edit summary
Líne 1:
Chuaigh an '''Chriochdheighilt''' ar [[Éireann|Éirinn]] ar an [[3 Bealtaine]] [[1921]], nuair a cuireadh [[an tAcht um Rialtas na hÉireann]] ón mbliain 1920 i bhfeidhm. Ar an 6 Nollaig 1922, gaireadh [[Saorstát Éireann|Saorstát]] den oileán go léir, ach ar an lá arna mhárach, tharraing na Sé Contaetha in oirthear Uladh as an Saorstát, de réir na rogha a bhí fágtha acu. Chruthaigh an Chríochdheighilt dhá stát in oileán na hÉireann, mar atá, [[Tuaisceart Éireann]] agus Deisceart Éireann, ar a dtugtar [[Poblacht na hÉireann|Éire]] inniu.
 
Is gnách le [[Aontachtóirí|pobal Aontachtach]] an Tuaiscirt "Ulaidh" nó ''Ulster'' a thabhairt ar an stáitín. Tá cúige traidisiúnta Uladh níos mó ná an stáitín sin, nó tá naoi gcontae ann: [[Contae Dhún na nGall|Dún na nGall]], [[Contae Mhuineacháin|Muineachán]], an [[Contae an Chabháin|Cabhán]], [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]], [[Contae Dhoire|Doire]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], an [[Contae an Dúin|Dún]], agus [[Contae Aontroma|Aontroim]]. Inniu, is cuid den Phoblacht iad an chéad trí cinn acu, agus an chuid eile acu suite i stáitín an Tuaiscirt.
 
Cuid den [[Ríocht Aontaithe]] é stáitín an Tuaiscirt, ach is stát neamhspleách í [[Poblacht na hÉireann]].
 
[[Catagóir:Polaitíocht na hÉireann]]