An difríocht idir athruithe ar: "Mainistir na Corann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
Bhí Alan Brodrick, Ceann Comhairle Dáil Éireann agus Tiarna Seansailéara na hÉireann, ainmnithe mar an chéad Barún agus Bíocúnta Mhainistir na Corann i 1715 and 1717 faoi seach – fuair Sráid Broderick sa bhaile a h-ainm.
 
===Oideachas===
Bunaíodh an scoil príobháideach – Coláiste Mhainistir na Corann – ag Elizabeth Villiers, bean luí Liam Oráiste i 1696. Tá ceangal tradisiúnta aige le Eaglais na hÉireann, agus b’iad Isaac Butt, bunaitheoir Chonradh na Rialtas Dúchais, agus John Philpot Curran, dlíodóir agus athair Sarah Curran, daltaí ann uair dá raibh. Fuair Rachael Kohler, hacadóir idirnáisiúnta Éireannach, oideachas ann chomh maith.
 
===Driogadh===
Bunaíodh Drioglanna Chorcaí sa bhaile i 1825, a dhein cónascadh le Drioglanna Éireann i 1967, agus atá cuid den ghrúpa biotáille Francach Pernod Ricard inniú. Tarlaíonn driogadh fuisce, vodca agus jin i bhfearas nua a d’oscail I 1975; baintear úsáid as an sean-drioglann anois mar ionad túrasóireachta. Faigheann Paddy Whiskey a h-ainm ó Patrick J. Flaherty, fear díolacháin do Drioglanna Chorcaí sna ficheadaí.
 
===Cogadh na Saoirse===
Seasann leacht cuimneacháin ar an príomhsráid sa bhaile do 14 ón sean-IRA; fuair siad bás i mí eanair 1921 ag Cluain Molt in aice láimhe i rith Cogadh na Saoirse. Maraíodh iad ag troid in aghaidh an t-arm Briotanach (cuid acu ag na Dúchrónaigh agus iad tar éis géilleadh dóibh) agus cuireadh beirt marthanóirí chun báis cúpla lá ina dhiadh sin i gCorcaigh.