An difríocht idir athruithe ar: "Francbhéarla"

Content deleted Content added
m robot Adding: ca:Lingua franca
m robot Modifying: es:Lengua vehicular; cosmetic changes
Líne 1:
Is é is '''francbhéarla''' ann ná teanga atá in úsáid mar theanga ghnáthchumarsáide ag daoine nach bhfuil sí ó dhúchas acu, cosúil leis an dóigh a n-úsáidtear an Béarla inniu sa chuid is mó den domhan. Tá an téarma féin bunaithe ar ''lingua franca'', an meascán d'fhocail [[Iodáilis|Iodáilise]]e, [[Tuircis|Tuircise]]e, [[Fraincis|Fhraincise]], [[Peirsis|Pheirsise]], [[Gréigis|Ghréigise]] agus [[Araibis|Araibise]]e a bhí á labhairt ag taidhleoirí agus ag tráchtálaithe na Meánmhara sna Meánaoiseanna. Ón am sin i leith, fairsingíodh an téarma ar na teangacha eile a d'éirigh coitianta i gcomhchaidreamh na ndaoine ó thíortha éagsúla ina dhiaidh sin.
 
Inniu, áfach, ní thagraíonn an focal sin "francbhéarla" do theanga na dtaidhleoirí an oiread agus a thagraíonn sé do theangacha na cumarsáide béil.
 
== Na Francbhéarlaí sa Stair agus sa tSochaí ==
 
San Impireacht Rómhánach, b'í an Ghréigis an francbhéarla san Oirthear, agus an úsáid seo á baint as an Laidin san Iarthar. Ón seachtú haois déag ar aghaidh, b'í an Fhraincis teanga idirnáisiúnta na taidhleoireachta. San eolaíocht, áfach, b'í an Ghearmáinis a bhí chun tosaigh ar na teangacha eile, go dtí gur tháinig an Béarla ina háit i ndiaidh an dá chogadh domhanda. Inniu, is é an Béarla an francbhéarla is tábhachtaí ar fud an domhain. Mar sin féin, bíonn teangacha eile ag déanamh an ghnó chéanna anseo agus ansiúd. Sna tíortha tearcfhorbartha iar-choilíneacha, bíonn teanga na hiar-mháthairthíre coilíní tábhachtach i gcónaí, agus má tá an tír breac le dreamanna eitneacha agus le mionlaigh theanga, mar is gnách san Afraic ach go háirithe, tá sé ag teacht isteach áisiúil aon teanga amháin a bheith seanbhunaithe sa chóras oideachais agus sa saol cultúrtha.
Líne 9:
Go minic, áfach, ní hé an leagan oifigiúil den teanga sin an francbhéarla i mbéal na cosmhuintire. Ina áit sin, cuireann na daoine ar leataobh an chuid den ghramadach nach bhfuil ach ag cur isteach ar an ngnáth-thuiscint, agus iad ag labhairt leaganacha simplithe den teanga eatarthu a bhfuil na teangacha is na canúintí áitiúla i ndiaidh a dtionchar a imirt orthu. '''[[Nasctheanga]]''' (''pidgin'') a thugtar ar an gcineál seo teanga. Níl an nasctheanga ó dhúchas ag aon duine. Nó má tá, ní nasctheanga í a thuilleadh, ach '''[[fásteanga]]''' (''creole'').
 
== Francbhéarlaí tábhachtacha ar fud an domhain ==
 
* Is follasach gurb é an [[Béarla]] an francbhéarla is tábhachtaí i saol an lae inniu.
Líne 44:
[[en:Lingua franca]]
[[eo:Lingvafrankao]]
[[es:LinguaLengua francavehicular]]
[[fi:Lingua franca]]
[[fr:Lingua franca]]