An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

Content deleted Content added
→‎Cúlra: Naisc
Líne 11:
==Cúlra==
 
Rinneadh a lán iarrachtaí i rith na naoú haoise déag agus i dtús na [[20ú haois|fichiú haoise]] le féinrialtas teoranta, nó [[Rialtas Dúchais]], a bhaint amach d'Éirinn. Sa bhliain 1886, dhiúltaigh Teach na dTeachtaí don chéad Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhrú na stocaireachta a bhí idir lámhaibh ag na hAontachtóirí agus na hOráistigh. Chuaigh scoilt ar an bPáirtí Liobrálach de dheasca an bhille seo. Sa bhliain 1893, rith Teach na dTeachtaí an dara Bille um Rialtas Dúchais, ach ansin, chros Teach na dTiarnaí é, agus ní dheachaigh sé ar leabhar na reacht riamh. Sa bhliain 1911, áfach, chaill Teach na dTiarnaí a chumhacht crosta, agus mar sin, nuair a chuir [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann]] an tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhráid na Parlaiminte sa bhliain 1912, ní raibh cead ag na Tiarnaí é a chur ar ceal a thuilleadh. Scéal eile é go raibh siad in inmhe é a chur ar fionraí go ceann dhá bhliain.
 
Bhí an chuma ar Éirinn go bhféadfadh cogadh cathartha briseadh amach ansin pé nóiméad, agus mar sin, d'fháiltigh [[Seoirse V na Ríochta Aontaithe|Rí Seoirse a Cúig]] ceannairí na nAontachtóirí agus na Náisiúnaithe chuige i Mí Iúil 1914 le haghaidh comhchainteanna. Ní raibh toradh ar bith ar an gcruinniú seo (nó Comhdháil Phálás Buckingham, mar a thugtar air). Bhí na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe]] ag éileamh Rialtas Dúchais d'oileán na hÉireann go léir (agus Liobrálaigh Shasana ag tacú leo) agus na hAontachtóirí ag éileamh go bhfágfaí [[Cúige Uladh]] taobh amuigh den fhéinrialtas. Nuair a cuireadh leasú leis an mBille a cheadaigh do mhuintir Uladh tarraingt as an Rialtas Dúchais go sealadach, tugadh Aontú an Rí don Bhille, agus chuaigh sé ar leabhar na reacht, díreach nuair a bhí [[an Chéad Chogadh Domhanda]] tosaithe. Bhí an tAcht le cur i ngníomh i ndiaidh an chogaidh, agus dóchas ag gach duine nach mairfeadh an cogadh féin ach tamall beag.
 
==Coiste Long==