An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh na hÉireann (1913-1919)"
Content deleted Content added
m robot Adding: ko:아일랜드 의용군 |
No edit summary |
||
Líne 7:
Nuair a bhris an chéad chogadh domhanda amach d'fhógair ceannaire na [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann|Náisiúnaithe Parlaiminteacha]], [[John Redmond]], go mbeadh na hÓglaigh sásta troid in aghaidh na [[an Ghearmáin|Gearmáine]], 'ar son saoirse na náisiún beag'. Lean formhór na mball a chomhairle ach bhí dream eile ann, faoi cheannas [[Eoin Mac Néill|Eoin Mhic Néill]] agus [[Pádraig Mac Piarais|Phádraig Mhic Phiarais]] a d'fhógair nach dtroidfidís ach ar son na hÉireann. Tugadh [[na hÓglaigh Náisiúnta]] orthu siúd a lean Redmond, agus Óglaigh na hÉireann ar an gcuid eile.
Bhí na hÓglaigh seo páirteach in [[Éirí Amach na Cásca]], [[1916]], agus throid siad i g[[Cogadh na Saoirse]]. De réir a chéile, tar éis fhógairt na Poblachta sa bhliain [[1919]], tugadh "Arm Poblachtánach na hÉireann" (''Irish Republican Army'' as Béarla, nó an t[[IRA]]) orthu chomh maith. I ndiaidh bhunú an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]], mhair an tIRA mar arm mídhlíthiúil. De réir mar a ghlac cuid den IRA leis an stát Éireannach, agus iad ag dul le polaitíocht shíochánta, tháinig scoilt i ndiaidh scoilte ar an IRA, agus
Inniu, tugann arm an Stáit "Óglaigh na hÉireann" air féin, ach baineann an tIRA úsáid as chomh maith, ag tagairt dó féin, go háirithe ina chuid preasráiteas agus cáipéisí polasaí eile.
|