An difríocht idir athruithe ar: "Ciainíd"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is ian í an '''chiainíd''' a bhfuil aon adamh carbóin amháin agus aon adamh nítrigine amháin ann, agus lucht leictreach diúltach singil aige. Tá nasc comhfhiúsach...'
 
No edit summary
Líne 2:
 
Is féidir teacht ar an gciainíd mar ghrúpa adamhach sna comhdhúile orgánacha freisin - is é sin, comhdhúile casta de chuid an charbóin. I móilíní orgánacha, níl an chiainíd ina hian, nó tá nasc comhfhiúsach idir adamh carbóin éigin agus an t-adamh carbóin sa ghrúpa ciainíde. Tugtar '''nítrílí''' ar chiainídí orgánacha den chineál seo. Is í an aiceitinítríl CH<sub>3</sub>CN an nítríl is simplí.
 
Nimh láidir is ea an chiainíd - is é sin, an t-ian féin. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil sí ábalta ceann de na heinsímí a chosc atá riachtanach le leas a bhaint as an ocsaigin análaithe. Mar sin, déanann sí dochar sciobtha do na fíocháin sa cholainn atá i dtuilleamaí na riaspróide aeróbaí thar aon fhoinse fuinnimh eile - lárchóras na néaróg (an inchinn san áireamh) agus an croí, ach go háirithe. D'fhéadfá a rá gurb é is éifeacht don nimhiú ciainíde ná go dtachtfar an t-othar cé go bhfuil a dhóthain aeir agus ocsaigine ina thimpeall aige.