An difríocht idir athruithe ar: "Thomas Hodgkin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Lia ab ea '''Thomas Hodgkin''' (rugadh ar an [[17 Lúnasa]] [[1798]] i bPentonville é agus fuair sé bás ar an [[5 Aibreán]] [[1866]] i Jaffa, sa Phalaistín). Paiteolaí [[Sasana|Sasanach]] ab ea é agus thug sé a ainm do [[Galar Hodgkin|liomfóma Hodgkin]], cineál ailse sna faireoga limfe ar ar thug sé an chéad chur síos sa bhliain [[1832]].
 
Bhí sé ina bhall de [[Cumann na gCarad|Chumann na gCarad]], is é sin, ina Chaecar. D'fhág a chreideamh daingean reiligiúnach a shliocht ar a shaol agus ar a shaothar araon. Bhí an mhíochaine ar an gcloch ba troime ar a phaidrín, ach thairis sin, ba chás leis leasú na sochaí agus cúrsaí oideachais. Bhí sé ar na daoine móra carthanais lena linn, agus deirtear go raibh sé ar duine acu siúd ba mhó a rinne le sochaí na [[An Bhreatain Mhór|Breataine Móire]] a chur i mbealach a feabhais sa [[19ú haois|naoú haois déag]]. Rinne sé éachtaí móra ar mhaithe le bundúchasaigh na h[[An Astráil|Astráile]] agus na [[An Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainne]] freisin, tráth a shaoil, agus ní dhearna sé dearmad de leas na ndaoine de phór na hAfraice a bhí socraithe síos i Londain.
 
Fuair sé oideachas cuimsitheach óna athair agus d'fhoghlaim sé teangacha móra na hEorpa, idir Ghearmáinis, Fhraincis, Iodáilis agus Spáinnis, go paiteanta. Sa bhliain 1819, chuaigh sé ag staidéar míochaine i Londain, ina dhiaidh sin i nDún Éideann. Chaith sé seal san Fhrainc agus san Iodáil freisin. San Fhrainc, d'fhoghlaim sé steiteascóp a úsáid - aireagán nua a bhí ann san am sin.
 
I Mí Eanáir den bhliain [[1832]] a d'fhoilsigh sé a alt cáiliúil faoi liomfóma Hodgkin, ''On the Morbid Appearances of the Adsorbent Glands and Spleen'' ("Faoi Chuma Ghalrach na bhFaireog Limfe agus an Liatháin").