An difríocht idir athruithe ar: "Poblacht"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 7:
Sa chuid is mó de na poblachtaí, tugtar Uachtarán ar cheann an stáit, cé go mbíodh téarmaí eile in úsáid sna laethanta a bhí, cosúil le consal nó ''doge''. I bpoblachtaí daonlathacha, toghtar an tUachtarán isteach san oifig: is féidir gur vóta díreach atá ann, ach bíonn sé coitianta freisin go gcaitheann na saoránaigh a gcuid vótaí le comhairle de chineál éigin a thoghadh, agus gurb í an chomhairle seo, go foirmeálta ar a laghad, a shocróidh cé a bheidh ina Uachtarán.
 
Más ionann an tUachtarán agus an príomh-aire - is é sin, más amhlaidh nach bhfuil príomh-aire ar leith ann - deirtear gur poblacht uachtaráin atá ann. Sin é an cineál poblacht atá sna Stáit Aontaithe, mar shampla. I gcórais leathuachtaráin, ní hionann an tUachtarán agus an Príomh-Aire. Duine ar leith é an Príomh-Aire ansin - nó an Seansailéir, nó an [[Taoiseach]]. Bíonn ról an Uachtaráin éagsúil go leor i stáit éagsúla ina bhfuil an córas leathuachtaráin i bhfeidhm: san Fhionlainn agus san [[An Fhrainc|Fhrainc]], mar shampla, tá cumhacht nach beag ag an Uachtarán, ach ina lán tíortha eile, cosúil leis an nGearmáin, níl ach gnóthaí deasghnách aige, agus is gnách, go fóinteach, dearcadh ar an bPríomh-Aire mar cheann stáit. I dtíortha áirithe - san [[An FhionnlainnFhionlainn|Fhionlainn]] agus sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]], mar shampla - táthar ag súil leis go mbeidh an tUachtarán chomh neamhchlaonta agus is féidir, agus is é an nós san Fhionlainn go bhfágfaidh an tUachtarán slán ag a pháirtí féin nuair a thoghtar é.
 
Níl sé riachtanach gur aon duine amháin a bheadh san Uachtarán. San [[An Eilvéis|Eilvéis]], is ionann an tUachtarán agus an Rialtas - is é sin, Comhairle Chónascach na hEilvéise. I [[San Mairíne]], toghann an Fheis (an Ard-Chomhairle Coitianta, nó ''Consiglio Grande e Generale'') as a measc beirt Thaoisigh Ceannais (''Capitani Reggenti'') a bhfuil cumhachtaí an Uachtaráin acu.