An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Iaránacha"

Content deleted Content added
Líne 18:
I stair na dteangacha Iaránacha, is gnách a rá go raibh na teangacha ''Meán-Iaránacha'' á labhairt sa tréimhse ón gceathrú haois roimh bhreith Chríost go dtí an naoú haois i ndiaidh bhreith Chríost. Na teangacha Iaránacha a d'fhág iarsmaí scríofa ina ndiaidh sa tréimhse seo, is féidir iad a roinnt ina dteangacha Oirthearacha agus Iartharacha. I measc na dteangacha Oirthearacha, is féidir an Bhaictris, an tSogdais, an teanga Khwarezmi, an teanga Saka agus an tSean-Óiséitis (an Scitea-Sharmáitis) a lua, sa ghrúpa Iartharach is fiú an Phartais (Pathlaivis na nArsaicídeach) agus an Mheán-Pheirsis a aithint. Bhí an Phartais agus an Mheán-Pheirsis sách cosúil le chéile, agus scoilt shoiléir idir iad agus an grúpa eile, a bhí ní ba chóngaraí don tSean-Iaráinis. Bhí teangacha Oir-Iaránacha na linne á scríobh in aibítir na h[[Aramais]]e, nó bhí an Aramais, cé nach teanga Iaránach í, ar an teanga ab fhairsinge in [[An Ríshliocht Acaeiméineach|Impireacht Acaeiméineach na Peirse]].
 
B'Ba í an Mheán-Pheirsis - an Phathlaivis - an teanga oifigiúil i bPeirs na [[An Ríshliocht Sasánach|Sasánach]]. Bhí sí á saothrú ón tríú haois go dtí an deichiú haois ag an stát, agus thairis sin, b'ba í teanga na scríbhinní diaga í ag lucht leanúna na Mainicéasaíochta, a d'fhág roinnt éigin de théacsaí ina ndiaidh.
 
==Na Teangacha Iaránacha i ndiaidh Theacht an Ioslaim==