An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Direáin"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
fairsingiú
Líne 1:
File a tógadh in [[oileáin ÁrainnÁrann|Árainn]] ab ea é '''Máirtín Ó Direáin'''. Rugadh i bhFearann a' Choirce in Inis Mór é i 1910, agus tar éis na scoile, fostaíodh mar chléireach in ard-oifig an phoist i n[[Gaillimh]] é ar feadh blianta. Bhí sé i gConradh na Gaeilge, agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhog sé leis go Baile Átha Cliath níos deireanaí, mar a raibh baint aige le Cumann na Scríbhneoirí óna thús.
 
D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach [[filíocht|filíochta]], "Coinnle Geala", i [[1942]], agus lean sé mar fhile chruthaitheach go dtí na hochtóidí. Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, "Feamainn Bhealtaine", a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dáltaí scoile.