An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Bundúchasacha na hAstráile"

Content deleted Content added
Anois (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 44:
Baineann na teangacha Astrálacha le limistéar teanga nó ''Sprachbund'', rud a fhágann go bhfuil an foclóir céanna acu, mórán, agus gur minic na tréithe fóineolaíocha céanna acu. Is minic caint ar leith á húsáid i gcuideachta dlúthghaolta áirithe - máthair bean céile, mar shampla. Foclóir ar leith atá i gceist anseo agus gan flúirse focal ann, cé go mbíonn an ghnáthfhóineolaíocht agus an ghnáthghramadach ann. Bíonn geis ar chaint i rith tréimhsí fada caointe nó deasghnátha tionscnaimh, agus is iomaí teanga chomharthaíochta a beartaíodh dá réir.
 
I gcúrsaí deilbhchomhréire is iomaí teanga Bhundúchasach a bhfuil tuisil eirgeatacha agus absalóideacha aici.<ref>Níl téarmaí deimhneacha [[Gaeilge]] ann go fóill atá ar chomhbhrícomhbhrí le ''ergative'' agus le ''absolutive'' an Bhéarla (''ergative'' / ''absolutif'' na Fraincise). Tuiseal a bhaineann leis an ainmneach i briathar aistreach is ea an ''ergative'', ó ''ergatēs'' (oibrí) na Gréigise: cuireann sé in iúl gur gníomhaí atá i gceist. Ó ''absolūtus'' (scaoilte) na Laidine a thagann ''absolutive'': baineann sé leis an ainmneach i mbriathar neamhaistreach (agus feidhm "neamhspleách" leis) nó leis an gcuspóir i mbriathar aistreach. Anseo úsáidtear ''eirgeatach'' agus ''absalóideach''.</ref>De ghnáth is córas scoilte é: is minic comhartha ainmneach-chuspóireach ar fhorainmneacha (nó ar an gcéad phearsa nó ar an dara pearsa) agus an tríú pearsa ina heirgeatach nó ina habsalóideach; uaireanta déantar idirdhealú idir beo agus neamhbheo.
 
I dteangacha éigin is féidir le pearsana áirithe (an dara pearsa daonna, an tríú pearsa daonna agus msd) a bheith trípháirteach, agus iad idir na hinfhillteacha cuspóireacha agus eirgeatacha: marcáiltear iad go soiléir mar eirgeatach nó mar chuspóireach i gclásail aistreacha agus iontu sin amháin. Tá teangacha eile ann agus níl de thuisil acu ach ainmneach agus cuspóireach.