An difríocht idir athruithe ar: "The Great Dictator"

Content deleted Content added
ArthurBot (plé | dréachtaí)
m robot Modifying: pt:O Grande Ditador; cosmetic changes
Líne 4:
méid_íomhá = 200px |
ceannteideal = |
stiúrthóir = [[Charlie Chaplin]]<br />[[Wheeler Dryden]] |
léiritheoir = Charlie Chaplin |
scríbhneoir = Charlie Chaplin |
scéalaí = |
aisteoirí = Charlie Chaplin<br />[[Paulette Goddard]]<br />[[Jack Oakie]] |
ceol = [[Meredith Willson]]<br />Charlie Chaplin |
cineamatagrafaíocht = |
eagarthóir = |
Líne 25:
[[Scannánaíocht|Scannán]] ón mbliain [[1940]] is ea '''The Great Dictator''', leis an aisteoir grinn mór le rá, [[Charlie Chaplin]]. Bhí Chaplin ina stiúrthóir ar an scannán agus bhí sé sa dá phríomhpháirt aisteoireachta chomh maith. Bhí sé seo ar an gcéad scannán cainte uaidh, chomh maith le bheith ar an scannán is mó rath uaidh. B'aoir nimhneach é ar an [[Faisisteachas|bhFaisisteachas]]. Is díol suntais é an scannán seo, ós rud é nár thuig go leor daoine cé chomh holc is a bhí [[Naitsíochas|na Naitsithe]] ag an am sin, mar nach raibh eolas ag an bpobal faoi na campaí báis. Ach déantar cur síos sonrach ar ghéarleanúint na nGiúdach sa scannán seo.
 
== Plota ==
 
Cuirtear in aithne muid ar dtús leis an mbearbóir Giúdach gan ainm (Chaplin) agus é ag troid sa [[an Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]] ar son a thíre féin, Tomainia (tír fhicseanach arb ionann í agus [[an Ghearmáin]]). Buailtear é sa cheann ag deireadh an chogaidh agus caitheann sé fad fiche bliain in ospidéal agus a chuimhne caillte aige.
Líne 31:
Déantar aoradh chomh maith ar [[Benito Mussolini]], i bhfoirm an deachtóra fhicseanaigh Benzino Napaloni, atá ina cheannaire ar thír darb ainm Bacteria. Léirítear caidreamh cumhachta áiféiseach na beirte seo, tríd an eachtra ina bhfuil na deachtóirí ag iarraidh idirbheartaíocht a dhéanamh faoi smacht a ghlacadh ar Osterlich ([[An Ostair]]).
 
== Stíl ==
 
Cé gur aoir thar a bheith searbhasach í seo, bíonn atmaisféar thar a bheith éadrom ann ar feadh an scannáin go léir. Tá greann ropánta Chaplin le sonrú go mór ann agus baineann sé an-leas as chun ábhar an scannáin a aoradh. Radharc cáiliúil amháin ná an rince a dhéanann an deachtóir Hynkel le balún mór atá ina mhacasamhail den domhan agus réamhcheol Lohengrin le Richard Wager á sheinm sa chúlra.
 
== Gradam ==
 
I 1997, d'fhógair Leabharlann Chomhdháil [[SAM]] an scannán seo a bheith "suntasach go cultúrtha, go stairiúil nó go haeistéiticiúil" agus roghnaíodh é le bheith caomhnaithe i gClárlann Scannán Náisiúnta na Stát Aontaithe.
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://www.imdb.com/title/tt0032553/ Sonraí ''The Great Dictator'' ag IMDB]
* [http://www.americanrhetoric.com/MovieSpeeches/moviespeechthegreatdictator.html Físeán agus script na hóráide clúití deiridh sa scannán]
 
[[Catagóir:Scannáin]]
Líne 68:
[[nl:The Great Dictator]]
[[pl:Dyktator (film)]]
[[pt:TheO GreatGrande DictatorDitador]]
[[ro:Dictatorul]]
[[ru:Великий диктатор]]