An difríocht idir athruithe ar: "Tobac"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 7:
Tháinig nós úsáide an tobac ón Oileán Úr, nó tá an planda féin ag fás ansin le hocht míle bliain, ar a laghad. Táthar á chaitheamh ón mbliain 3000 RC i leith, a bheag nó a mhór. Ar dtús, d'úsáidtí é mar fhrith-heilminteach, is é sin, mar chógas a chuireann ruaigeadh ar na seadáin (na paraisítí) as an gcorp trí néal a chur orthu. Bhí sí á caitheamh i ndeasghnátha reiligiúnacha na mbundúchasach Meiriceánach chomh maith, agus a lán treibheacha den tuairim go raibh draíocht agus druagántacht ar leith ag baint leis. Bhí na hAstacaigh i Meicsiceo barúlach, mar shampla, gurbh é an dia úd Xochipilli nó "Prionsa na mBláth" a bhronn an tobac ar na daoine, agus ba nós leo "dia na gcúig lus" nó Macuilxochitl a thabhairt ar Xochipilli freisin - chreid siad go raibh cúig lus naofa ann a raibh tábhacht ar leith acu i súile an Phrionsa, agus an tobac ar cheann acu. I ndiaidh do na hEorpaigh an tOileán Úr a shealbhú, d'fhoghlaim siad úsáid an tobac, agus inniu féin, tá ról nach beag ag an tobac i saol eacnamaíoch na Stát Aontaithe.
 
''Tobac'' an leagan caighdeánach d'ainm an phlanda agus an táirge i nGaeilge an lae inniu. Focal firinscneach é, agus an bhéim ar an dara siolla. Feictear an leagan ''tobaca'' i scríbhneoireacht Chúige Uladh fosta, agus is é an leagan a bhí ag filí Oirthear Uladh ná ''tambac''. Tháinig an focal tríd an mBéarla ón Spáinnis, ach is deacair a rá, cá bhfuair an Spáinnis féin é. Glactar leis gurb as ceann de na teangacha ''Arawak'' a tháinig sé - teangacha a labhraítear, nó a labhraítí, timpeall na Cairibe. Ón taobh eile de, áfach, bhí focal cosúil á úsáid sa tsean-Spáinnis agus sa tsean-Iodáilis le tagairt do lusanna éagsúla leighis, focal a tháinig ón Araibis. Scéal eile fós gurb é ''túpac'' an focal Ceatsuaise ar "ríoga", agus ba phribhléid ríoga é an tobac (''sayri'' an focal Ceatsuaise) ag na hIncigh. Síltear freisin go bhfuil gaol ag an bhfocal le hainm Thobágo (i bPoblacht Oileán na Tríonóide is Thobágo).
 
{{síol}}