An difríocht idir athruithe ar: "Raidió Rí-Rá"

no edit summary
Is cairt-stáisiún ceoil é '''Raidió Rí-Rá''' ag craoladh go hiomlán trí [[Gaeilge|Ghaeilge]]. Is é an chéad chairt-stáisiún lán-Ghaeilge don aos óg in Éirinn agus seinneann an stáisiún ag seinm na n-amhránhamhráin isó mó óbharr na cairteacha gan stad, trí Ghaeilge,gcairteacha ar-líne ag '''www.rrr.ie''' ó seoladh é i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre ''Raidió X''. Tá cláracha ar nós PopNuacht, Giotaí, GigNuacht, agus [[Top 40 Oifigiúil na hÉireann]] leá cloisteáilgcraoladh trí mheán na [[Gaeilge]] ar an stáisiún freisin.
 
Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] agus é maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.
Seoladh seirbhís FM de chuid Raidió Rí-Rá Dé Máirt 3 Márta 2009 idir 12.00 - 1.00in ag ógfhoireann Rí-Rá i dteannta aíonna speisialta ag ceithre phreasócáid éagsúil a bhí ar siúl ar fud na tíre mar chuid de [[Seachtain na Gaeilge|Sheachtain na Gaeilge]] 2009. Thug an tAire [[Éamon Ó Cuív]] cuairt ar an stiúideo chun labhairt le láithreoirí Rí-Rá agus a thacaíocht a léiriú don ógstáisiún Gaeilge úr.
 
==Stáisiún Raidió Gaeilge don Aos Óg==
 
Seoladh an chéad chairt-stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos-óg faoin ainm oibre Raidió X ar an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2008, 3 Márta 2008. Tháinig 100 mac léinn le chéile ar pháirc chruicéid Ollscoil na Tríonóide i mBaile Átha Cliath chun cruth X a dhéanamh ar an bpáirc mar shiombail den stáisiún nua.<ref> {{Ó Muirí, P 2008, 'Ag dul thar sáile ar lorg lucht labhartha na Gaeilge', ''The Irish Times'', 5 Márta, An Teanga Beo.}}</ref>
 
==Raidió Rí-Rá Ar An Aer==
 
Seoladh seirbhís FM de chuid Raidió Rí-Rá Dé Máirt 3 Márta 2009 idir 12.00 - 1.00in ag ógfhoireann Rí-Rá i dteannta aíonna speisialta ag ceithre phreasócáid éagsúil a bhí ar siúl ar fud na tíre mar chuid de [[Seachtain na Gaeilge|Sheachtain na Gaeilge]] 2009. Thug an tAire [[Éamon Ó Cuív]] cuairt ar an stiúideo ar Shráid an Mhóta Uachtarach i mBaile Átha Cliath chun labhairt le láithreoirí Rí-Rá agus a thacaíocht a léiriú don ógstáisiún Gaeilge úr.
 
Bhí teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM le linn mhí an Mhárta 2009, agus ba í an craoladh sealadach seo an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió lánaimseartha as Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM.
 
D'éirigh le Raidió Rí-Rá tús a chur leis an gcraoladh beo ar an gcóras FM in 2009 buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrachilchathrach a bhronn Coimisiúin Craolachán na hÉireann air. Cuireadh seirbhís FM Rí-Rá ar fáil le tacaíocht ón bpríomhurraitheoir corparáideach [[Samsung]] agus le cabhair ó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]].
 
Chomh maith le cláracha amhlaidh PopNuacht agus [[Top 40 Oifigiúil na hÉireann]] a bhí cheana féin ar fáil ar líne ag '''www.rrr.ie''', bhí seónna beo á gcraoladh trí mheán na Gaeilge, mar aon le cláracha speisialta curtha i láthair ag a leithéid [[Clíona Ní Chiosáin]], príomhcharachtar sa sraith teilifíse [[Aifric]] a bhuaigh gradam IFTA. Bhí an scéal is déanaí ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre á luaigh ar Rí-Rá gach uair a chlog agus bhí deis ag éisteoirí iarratais cheoil a chur isteach ar shuíomh an stáisiúin, dul i dteagmháil le láithreoirí ag eolas@raidiorira.ie, agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh isteach chuig +353 (0)85 1328000 le linn an chraolacháin bheo.
 
Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] agus maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.
 
== Naisc sheachtracha ==
Úsáideoir gan ainm