An difríocht idir athruithe ar: "Loscadh Mór Londan (1666)"
Content deleted Content added
m robot Modifying: vi:Vụ hỏa hoạn Luân Đôn 1666 |
m robot Modifying: cs:Velký požár Londýna; cosmetic changes |
||
Líne 1:
[[
Réab '''Dóiteán Mór Londan''' trí lár chathair [[Londain|Londan]], i [[Sasana]], ón Domhnach an dara lá de Mheán Fómhair go dtí an Chéadaoin an [[5 Meán Fómhair|cúigiú lá de Mheán Fómhair]] [[1666]]. Scrios an dóiteán Cathair mheánaoiseach Londan taobh istigh den Seanbhalla Rómhánach.
Thosaigh an dóiteán mór ag bácús Thomas Farriner (nó Farynor) ar Pudding Lane, go gairid tar éis meán oíche an Domhnach, an [[2 Meán Fómhair]], agus scaip sé siar go tapa ar Chathair Londan. Ba é an teicníc ba mhó a bhí in úsáid ag an am chun dul i ngleic le dóiteán ná tóitbhearnaí a chruthú trí fhoirgnimh a leagan. Cuireadh moill mhór air seo mar nach raibh [[Ard-Mhéara Londan]], Sir Thomas Bloodworth, in ann cinneadh tapa a dhéanamh faoi cad ba chóir a dhéanamh. Faoin am ar ordaíodh go leor foirgneamh a leagan oíche Dé Domhnaigh, bhí an ghaoth i ndiaidh stoirm olldóiteáin a dhéanamh den dóiteán bácúis agus ní raibh aon mhaith a bheith ag cruthú tóitbhearnaí. Ar an Luan scaip an tine ó thuaidh go croílár na Cathrach. Ní raibh ord ná eagar ar na sráideanna agus bhí ráflaí ag dul timpeall go raibh eachtrannaigh a raibh cuma amhrasach orthu ag lasadh tinte. Ba iad na [[An Fhrainc|Francaigh]] agus na [[An Ísiltír|hOllannaigh]] ba mhó a raibh na daoine gan dídean in amhras fúthu.
Chruthaigh an dóiteán go leor fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta agus bhí neart síneadh méire á dhéanamh ar feadh tamaill i ndiaidh an dóiteáin. Thug Séarlas II gach ugach do dhaoine bogadh as Londain agus cur fúthu in áit éigin eile mar go raibh faitíos air go dtarlódh éirí amach i measc na ndídeanaithe a chaill a dtithe. In ainneoin go ndearnadh cuid mhór moltaí radacacha, atógadh Londain agus bhí na sráideanna leagtha amach mórán mar a bhí siad roimh an dóiteán.
== Londain sna 1660idí ==
Faoi na [[1660í|1660idí]] bhí Londain i bhfad níos mó ná aon chathair eile sa [[An Bhreatain|Bhreatain]].
Faoi dheireadh an tseachtú céad déag ní raibh san Fhíorchathair – an chuid a bhí timpeallaithe ag balla na Cathrach agus ag [[Abhainn na Tamaise|abhainn Tamais]] – ach páirt de chathair Londan.
{{ÍomháLeathan|Panorama of London by Claes Van Visscher, 1616 no angels.jpg|1600px|Londain sna 1600idí}}
=== Guaiseacha dóiteáin sa Chathair ===
Go bunúsach, bhí leagan amach meánaoiseach ar shráideanna na Cathrach.
Bhí baint mhór ag an gceantar ar éadan na habhann leis an bhfás a tháinig ar an Dóiteán Mór. Bhí neart uisce sa Tamais chun dul i ngleic leis an dóiteán agus bhí deis éalaithe ón gceantar i mbád.
Bhí Droichead Londan – an t-aon cheangal fisiceach a bhí idir an Chathair agus an taobh ó dheas [[Abhainn na Tamaise|d’abhainn na Tamaise]] – brataithe le tithe agus ba léir ón dóiteán a tharla i 1632 gur sháinn bháis a bhí ansin é féin.
De bhrí go raibh balla Rómhánach a bhí 18 dtroithe (5.5 méadar) ar airde timpeall ar an gCathair bhí an baol ann go sáinneofaí sna lasracha iad siúd a bhí gan dídean agus a bhí ag teitheadh. Chomh luath is a bhí éadan na habhann trí thine agus nárbh fhéidir éalú i mbád, ní raibh aon bhealach amach ach amháin trí na hocht ngeata a bhí sa bhalla. Le linn na chéad chúpla lá, ba bheag duine a bhí ag iarraidh éalú ar fad as an gCathair agus í á dó. Thabharfaidís gach a raibh siad in ann a iompar dá gcuid giuirléidí go dtí an “teach sábháilte" ba ghaire, go minic an séipéal paróiste nó an ceantar thart ar Ardeaglais Naomh Pól.
Ba é an rud ba mhó a chuir bac ar dhul i ngleic leis an dóiteán ná cé chomh caol is a bhí na sráideanna.« Ag aon am, ba mhinic go mbíodh sáinn agus tranglam tráchta sna caolsráideanna beaga de bharr an meascán de chairteacha, de vaigíní agus de choisithe a bhíodh iontu.
=== Ag dul i ngleic le dóiteáin sa seachtú céad déag ===
Bhí dóiteáin coitianta sa chathair phlódaithe, a bhí tógtha as adhmad agus ina raibh tinte oscailte, coinnle, oighinn agus stórais d'ábhar indóite fairsing. Ní raibh aon phóilíní ná aon roinn dóiteáin a bhféadfaí fios a chur orthu.
Go minic bhí éifeacht ag baint le tithe, a bhí ar thaobh na gaoithe de dhóiteán baolach, a leagan go talamh le crúcaí dóiteáin nó le pléascáin chun an scrios a mhaolú. An t-am sin, áfach, cuireadh moill thubaisteach ar an scartáil ar feadh uaireanta an chloig de bhrí nár thug an tArd-Mhéara aon cheannaireacht agus nár thug sé na horduithe ba ghá.
Bhí deacrachtaí maidir le huisce a úsáid chun an dóiteán a mhúchadh freisin. De réir prionsabail, bhí uisce ar fáil ó chóras de phíopaí leamháin a chuir uisce ar fáil do 30,000 teach ó thúr uisce ard ag Cornhill, a líonadh ón abhainn nuair a bhí sí ina lánmhara.
Bhí innill dóiteáin ardteicneolaíochta ar fáil i Londain chun dul i ngleic le dóiteáin agus baineadh feidhm astu nuair a tharla dóiteáin mhóra roimhe sin. In ainneoin sin, neamhchosúil leis na crúcaí úsáideacha dóiteáin, b’annamh a bhí na caidéil mhóra sin sách feidhmiúil ná a bhí dóthain folúthachta ag baint leo chun go ndéanfaidís mórán difríochta. Ní raibh rothaí ach faoi chuid acu, bhí cuid eile acu suite ar shleamhnáin gan aon rothaí.
== Fás an dóiteáin ==
[[
Tugann litreacha agus cuimhní cinn spléachadh dúinn ar an gcaoi a ndeachaigh an dóiteán i bhfeidhm go pearsanta ar roinnt mhaith de mhuintir Londan.
Bhí samhradh na bliana 1664 agus samhradh na bliana 1665 fliuch ach ó Shamhain 1665 bhí an-triomach ar fad i Londain.
=== An Domhnach ===
Thosaigh dóiteán ag bácús [[Thomas Farriner]] in Pudding Lane go gairid tar éis meán oíche ar an Domhnach an 2 Meán Fómhair. Sáinníodh an teaghlach thuas staighre ach d’éirigh leo dreapadh ó fhuinneog thuas staighre go dtí an teach béal dorais.
Thart ar 7 a.m. maidin Dé Domhnaigh, dhreap Pepys, a bhí ina oifigeach tábhachtach in Oifig an Chabhlaigh, Túr Londan chun radharc a fháil ar an dóiteán ón aer agus thaifead sé ina dhialann go raibh an gála gaoithe anoir tar éis olldóiteán a dhéanamh de. Mheas sé go raibh roinnt séipéal agus 300 teach dóite go talamh agus go raibh éadan na habhann sroichte aige. Bhí na tithe ar Dhroichead Londan ag dó. Chuaigh Pepys i mbád chun a bheith níos gaire do láthair an scriosta thart ar Pudding Lane agus é á bhreithniú.
Míle siar ó [[Pudding Lane]], in aice le Staighre Westminster, chonaic William Tasweill, buachaill óg scoile a bhí tar éis éalú ón tseirbhís mhoch mhaidine i [[Westminster Abbey]], roinnt teifeach ag teacht i lictéir a bhí ar cíos. Ní raibh snáth éadaigh orthu ach pluideanna.
Scaip an dóiteán go tapa le cóir ard ghaoithe. Faoi lár na maidine ar an Domhnach, thréig daoine na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh acu an dóiteán a mhúchadh agus theith siad.
Faoin iarnóin ar an Domhnach, 18 n-uaire tar éis don rabhadh a bheith tugtha in Pudding Lane, ba stoirm olldóiteáin a bhí sa dóiteán a chruthaigh aimsir dá chuid féin. Súdh aníos an t-aer te go tapa os cionn na lasracha agus áit ar bith a raibh an sruth aeir caolaithe de bharr na bhfoirgneamh a bheith ag gobadh amach ag an mbarr, d’fheidhmigh sé mar a bheadh simléar ann agus d’fhág sé folús ag leibhéal an talaimh. Níor mhúch na gaoithe láidre a tháinig isteach an dóiteán, mar a cheapfadh duine.
Go luath sa tráthnóna, chuaigh Pepys, a bhean agus roinnt dá chairde ar an abhainn arís agus chonaic sé go raibh an dóiteán ag scaipeadh fós suas agus síos. Thug siad ordú d’fhear an bháid dul chomh gar don dóiteán agus a ligfeadh an deatach dóibh. Dúirt sé dá mbeadh éadan duine i gcoinne na gaoithe go ndófadh na braonta tine é, nach mór.
=== Dé Luain ===
Faoi bhreacadh an lae, Dé Luain, an 3 Meán Fómhair, bhí an dóiteán ag leathnú go príomha i dtreo an tuaiscirt agus an iarthair. Bhí sruthlam na stoirme dóiteáin ag brú na lasracha níos faide ó dheas agus ó thuaidh ná mar a bhí siad an lá roimhe. Chuir an abhainn féin bac leis an mbrú ó dheas, ach chuir an brú céanna na tithe ar Dhroichead Londan ar lasadh. Bhí an chuma air go rachadh sé trasna an droichid agus go gcuirfeadh sé buirg [[Southwark]] i mbaol, ceantar ar an mbruach theas den abhainn. Ba thóitbhearna réamhbheitheach ar an droichead a choimeád Southwark slán ón dóiteán. Bearna fhada a bhí ann idir na foirgnimh, a shábháil an taobh theas den Tamais i ndóiteán na bliana 1632 agus arís ansin. Ruaig an cothrom de bhrú i dtreo an tuaiscirt na lasracha isteach go croílár airgeadais na Cathrach. Thosaigh tithe na mbaincéirí ar Shráid Lombard ag dó tráthnóna Dé Luain, rud a chuir deifir orthu lena gcruacha boinn óir a thabhairt go háit shábháilte sula dtiocfadh leá orthu. Ba ríthábhachtach é an t-airgead sin do rachmas na cathrach agus an náisiúin. Leagann roinnt breathnóirí béim ar an éadóchas agus ar an éidreoir a bhuail muintir Londan an dara lá úd de réir cosúlachta. Cuireann siad treise ar an easpa iarrachtaí na ceantair shaibhre ghalánta a bhí faoi bhagairt na lasracha faoin am sin, ceantair mar an Malartán Ríoga – malartán agus siopalann le chéile – agus na siopaí galánta earraí tomhaltais in Cheapside. Chuaigh an Malartán Ríoga trí thine go déanach san iarnóin agus bhí sé ina chreatlach dheataigh laistigh de chúpla uair an chloig. Scríobh John Evelyn, cúirteoir agus dialannaí, go raibh an dóitéan ar fud na háite, agus go raibh an méid sin dubh-iontais ar na daoine, nach raibh a fhios aige ón tús arbh é drochmhisneach nó cinniúint, ach ba ar éigean a bhog daoine chun é a mhúchadh. Ní raibh aon rud le cloisteáil ná le feiceáil ach screadach agus éagaoineadh, daoine ag rith thart ar nós créatúr ar mire gan iarracht fiú á déanamh acu a gcuid earraí a shábháil, bhí anbhá chomh haisteach sin orthu.
Bhí cónaí ar Evelyn in Deptford, ceithre mhíle (6 chiliméadar) taobh amuigh den Chathair, agus mar sin ní fhaca sé céimeanna tosaigh na tubaiste. Ar an Luan, chuaigh sé i gcóiste, i dteannta go leor daoine uasaicmeacha eile, chuig Southwark. Chuaigh siad ann chun féachaint ar an gCathair a bhí trí thine ar an taobh eile den abhainn, radharc a bhí feicthe ag Pepys an lá roimhe sin. Bhí an dóiteán i bhfad níos mó faoin am sin. Dar le hEvelyn, bhí an Chathair ar fad faoi bharr lasrach uafásach gar don uisce; bhí na tithe go léir ón Droichead, sráid na Tamaise ar fad, suas i dtreo Cheapside agus síos i dtreo na dTrí Chraein dóite faoin am sin.
Ní raibh sé i bhfad sular músclaíodh amhras sa chathair a bhí faoi bhagairt nár tharla an dóiteán de thaisme. Thug na gaotha guairneacha spréacha tine agus scealpóga lasartha leo. Thug siad iad achair fhada go dtí gur neadaigh siad i gcinn tuí agus i ngáitéir adhmaid. Chuaigh tithe trí thine i bhfad ón bhfoinse agus bhí an chosúlacht orthu nár bhain siad leis an dóiteán mór. Ba mar gheall ar na tinte seo a scaipeadh ráflaí go raibh tinte nua á dtosú d’aon turas. Caitheadh amhras ar eachtrannaigh ar an toirt mar gheall ar an [[Dara Cogadh Angla-Ollannach]] a bhí ar siúl ag an am. Nuair a athraíodh ó eagla agus ó dhrochamhras go scéal cinnte ar an Luan, chuaigh scéalta thart go raibh ionradh ar tí tarlú agus go bhfacthas gníomhairí eachtrannacha faoi cheilt ag caitheamh “caor thine” isteach i dtithe nó le gránáidí láimhe nó cipíní ina lámha acu. Tháinig borradh faoi fhoréigean ar na sráideanna. Chonaic William Taswell slua i mbun bradaíola i siopa de chuid péintéara Fhrancaigh agus ansin leag siad é. D’fhéach sé le huafás ar ghabha dubh nuair a shiúil sé caol díreach go dtí fear Francach sa tsráid agus nuair a thug sé buille sa chloigeann dó le barra iarainn. Cuireadh go mór leis na faitís faoi sceimhlitheoireacht nuair a cuireadh isteach ar chumarsáid agus ar nuacht toisc go ndearna an dóiteán áiseanna riachtanacha a scriosadh. Dódh Ard-Oifig na Litreacha i Sráid Threadneedle go luath maidin Dé Luain. Théadh an postas ar fad don tír tríd an oifig sin. Ba ar éigean a d’éirigh leis an London Gazette a eagrán don Luan a eisiúint sular imigh áitreabh an chlódóra in aon bhladhm amháin (b’éard a bhí san eagrán sin go príomha ná mionscéalta faiseanta, le nóta beag faoi dhóiteán a tosaíodh maidin Dé Domhnaigh agus a bhí “ag dul ar aghaidh go fíochmhar go fóill”). Bhí an náisiún ar fad ag brath ar na cumarsáidí seo agus nuair nach raibh siad ann tháinig ráflaí ina n-áit. Tugadh rabhaidh reiligiúnacha chomh maith faoi Chomhchealga Púdair a d’fhéadfadh tarlú arís. Nuair a ardaíodh amhrais go hanbhá agus paranóia chomhchoiteann ar an Luan, chaith idir na Buíonta Oilte agus Gardaí Coldstream araon níos lú ama ag dul i ngleic leis an dóiteán agus dhírigh siad níos mó ar eachtrannaigh, ar Chaitlicigh, agus ar aon duine a raibh cuma aisteach air a bhailiú le chéile. Ghabh siad iad agus thug siad saor ó dhaoscarshluaite iad, nó an dá rud le chéile.
Tháinig fíbín ar na háitritheoirí, go háirithe an uasaicme, mar theastaigh uathu a gcuid cleathainsí a bhogadh amach as an gCathair. Thug sé seo foinse ioncaim do na boicht inniúla, a chuaigh i mbun oibre mar phóirtéirí (uaireanta ní dhearna siad ach éalú leis na hearraí). Thug sé foinse ioncaim d'úinéirí na gcairteacha agus na mbád go háirithe. Chosain sé cúpla scilling cairt a fháil ar cíos an Satharn roimh an dóiteán; ar an Luan bhí an costas imithe chomh hard le daichead punt, slám mór airgid (breis agus £4000 a chomhluach in 2005). De réir cosúlachta thug gach úinéir cairte agus báid i gcóngar Londan aghaidh ar an gCathair chun na deiseanna seo a thapú. Bhí na cairteacha ag tuairteáil a chéile ag na geataí caola agus bhí na háitritheoirí fuascracha ag iarraidh éalú astu. Bhí an t-anord ag na geataí chomh dona sin gur ordaigh na giúistísí go ndúnfaí na geataí tráthnóna Dé Luain. Bhí siad ag súil go ndíreodh na háitritheoirí a n-aird ar dhul i ngleic leis an dóiteán seachas a bheith ag iarraidh a gcuid earraí a shábháil. Ós rud é nach raibh dóchas ar bith fágtha rudaí a shábháil, bhí siad ag súil b’fhéidir go ndéanfaidís iarracht níos mó an dóiteán a mhúchadh.
Fiú gur theip ar shíocháin ar na sráideanna, go háirithe ag na geataí, agus gur réab an dóiteán gan bhac, cuireadh tús le gníomhaíocht eagraithe ar an Luan. De réir cosúlachta bhí Bloodworth tar éis an Chathair a fhágáil. Bhí seisean ina Ard-Mhéara ar an gCathair agus mar sin bhí sé freagrach as an smachtú dóiteáin a chomhordú. Ní luaitear a ainm in aon chuntis comhaimseartha a bhaineann le himeachtaí an Luain. Sa staid éigeandála sin, sháraigh Séarlas údaráis na Cathrach arís agus chuir sé a dheartháir Séamus, Diúc Eabhrac, i gceannas ar oibríochtaí. Chuir Séamus ionaid cheannais ar bun timpeall imlíne an dóiteáin, ag fuadach aon fhear de chuid na n-íosaicmí, ar thángthas orthu sna sráideanna, agus á gcur i bhfoirne de chomhraiceoirí dóiteáin a bhí íoctha agus cothaithe go maith. Cuireadh trí chúirteoir i gceannas ar gach ionad, agus tugadh údarás dóibh ó Shéarlas féin treascairtí a ordú. Bhí sé i gceist leis an gcomhartha infheicthe seo de dhlúthpháirtíocht ón gCoróin, stop a chur le drochamhrais na ndaoine maidir le bheith freagrach ó thaobh airgeadais de as na tithe a leagan. Chuaigh Séamus agus a ghardaí tarrthála ag marcaíocht suas agus síos na sráideanna Dé Luain ar fad, ag tabhairt eachtrannach saor ón daoscarshlua agus ag déanamh iarrachta an tsíocháin a choimeád. “The Duke of York hath won the hearts of the people with his continual and indefatigable pains day and night in helping to quench the Fire”, a scríobh finné i litir an 8 Meán Fómhair.
Líne 71:
Ag oibriú de réir plean faoi dheireadh thiar thall, bhí comhraiceoirí dóiteáin Shéamuis tar éis tóitbhearna mhór a chruthú ar an taobh ó thuaidh den dóiteán. Choinnigh sí smacht ar an dóiteán go dtí go déanach san iarnóin ach ansin léim na lasracha thairsti agus thosaigh siad ag scriosadh shráid Cheapside, sráid leathan rathúil siopadóireachta.
Cheap gach duine go mbeadh [[Ardeaglais Naomh Pól]] slán amach is amach, lena ballaí tiubha cloiche agus lena tóitbhearna nádúrtha, i.e. an plás leathan folamh a bhí mórthimpeall uirthi. Bhí sí lomlán d’earraí a sábháladh agus bhí a lusca lán le stoic. Bhí na stoic sin pacáilte go dlúth le chéile agus bhain siad leis na clódóirí agus leis na díoltóirí leabhar in Paternoster Row in aice léi. Ach, ar mhí-ámharaí an tsaoil bhí an foirgneamh clúdaithe le scafall adhmaid, toisc go raibh [[Christopher Wren]] ar tí athchóiriú a dhéanamh air. Chuaigh an scafall trí thine oíche Dé Máirt. Agus é ag fágáil scoile, sheas buachaill óg, William Taswell, ar Staighre Westminster míle uaidh sin agus bhreathnaigh sé ar na lasracha agus iad ag téaltú timpeall na hardeaglaise agus ar an scafall a bhí trí thine agus é ag lasadh bhíomaí adhmaid an dín. Laistigh de leathuair an chloig, bhí an díon luaidhe ag leá, agus las na leabhair agus na páipéir sa lusca d’aon bhladhm búire.
I rith an lae, thosaigh na lasracha ag bogadh soir díreach ó chomharsanacht Lane Pudding, in aghaidh na príomhghaoithe anoir i dtreo bhaile Pepys ar Lána Seething agus i dtreo Thúr Londan agus a stórais phúdar gunna. Tar éis an lá ar fad a chaitheamh ag fanacht ar chúnamh ó chomhraiceoirí oifigiúla dóiteáin de chuid Shéamuis, a bhí gnóthach san iarthar, ghlac an garastún ag an Túr cúraimí chucu féin agus chruthaigh siad tóitbhearnaí. Rinne siad seo trí thithe ar na cóngair a phléascadh ar an mórchóir agus chuir sé sin bac ar an dóiteán gluaiseacht ar aghaidh.
=== Dé Céadaoin ===
Laghdaigh an ghaoth tráthnóna Dé Máirt agus thug sé sin deis do na tóitbhearnaí a chruthaigh an garastún tosú ag dul i bhfeidhm faoi dheireadh ar an gCéadaoin, an 5 Meán Fómhair. Shiúil Pepys ar fud na cathrach smolchaite ar fad. D’éirigh a chosa te agus dhreap sé spuaic Eaglais Barking. Is uaithi sin a d’fhéach sé ar an gCathair scriosta agus dúirt sé gurbh é an radharc ba bhrónaí léirscriosta dá bhfaca sé riamh. Bhí go leor dóiteán aonair ag dó go fóill go dtí go raibh siad caite, ach bhí deireadh leis an Dóiteán Mór. Chuaigh Pepys ar cuairt chuig Moorfields, páirc mhór phoiblí go díreach ar an taobh ó thuaidh den Chathair, agus chonaic sé campa mór de dhídeanaithe gan teach gan treibh, “poor wretches carrying their goods there, and everybody keeping his goods together by themselves”. Thug sé faoi deara freisin go raibh costas an aráin i gcóngair na páirce tar éis méadú faoi dhó. Chuaigh Evelyn amach go Moorfields freisin, a bhí faoin am sin mar phríomháit bhailithe do na daoine gan dídean. Bhí sé scanraithe ag líon na ndaoine cráite a bhí á líonadh, cuid acu faoi phubaill, agus cuid eile i mbotháin seifte. “Many [were] without a rag or any necessary utensils, bed or board... reduced to extremest misery and poverty.” Chuaigh uabhar na Londaineach cráite sin i bhfeidhm go mór ar Evelyn, “tho' ready to perish for hunger and destitution, yet not asking one pennie for relief.”
Líne 81:
== Básanna agus scrios ==
Níl taifead oifigiúil déanta ach ar bheagán de bhásanna ón dóiteán, agus tá sé ceaptha de réir seanchais nach raibh ach beagán de bhásanna fíora ann. Luann Porter an figiúr ocht, agus dar le Tinniswood “figiúirí aonair” a bhí i gceist, cé go ndeir sé chomh maith go gcaithfidh nár taifeadadh cuid de na básanna. Taobh amuigh de bhásanna a tharla go díreach ó dhó agus ó ionanálú deataigh, cailleadh teifigh sna campaí sin a cuireadh le chéile gan ullmhú. Easaontaíonn Hanson go hiomlán leis an tuairim nach raibh ann ach líon beag básanna. Áiríonn sé básanna le hocras agus le fuacht, a bhfuil eolas ann fúthu, ina measc siúd a tháinig slán ón uileloscadh. Deir sé go raibh siad cuachta istigh i mbotháin nó ina gcónaí i measc na bhfothrach, áit a mbíodh a gcuid bailte tráth, sa gheimhreadh fuar ina dhiaidh sin. Ina measc, mar shampla, bhí an drámadóir [[James Shirley]] agus a bhean chéile. Deir Hanson chomh maith “it stretches credulity to believe that the only papists or foreigners being beaten to death or lynched were the ones rescued by the Duke of York”. Dar leis, ní thugann na figiúirí oifigiúla mórán eolais ar chinniúint na mbocht, nach raibh taifead déanta orthu, agus ba leor an teas ag croílár na stoirmeacha olldóiteáin, a bhí i bhfad ní b’airde ná teas gnáthdhóiteán tí, le coirp a dhó go hiomlán. I gcásanna áirithe ní raibh fágtha ach beagán de bhloghanna blaoisce. Ní hamháin go raibh an dóiteán ag dó adhmaid, fabraicí agus tuí, ach dhóigh sé an ola, an phic, an gual, an gheir, na saillte, an siúcra, an t-alcól, an tuirpintín, agus an púdar gunna a bhí coinnithe i stóras sa cheantar ar bhruach na habhann. Leáigh sé an chruach iompórtáilte a bhí ina luí le taobh na gcéanna (leáphointe idir 1,250
Maidir le foirgnimh agus le hábhair, ríomhtar gurbh é seo a leanas an scrios a rinneadh: 13,500 teach, 87 séipéal paróiste, 44 Halla Cuideachta, an Malartán Ríoga, Teach an Chustaim, Ardeaglais Naomh Pól, [[Pálás Bridewell]] agus príosúin eile Chathrach, Ard-Oifig na Litreacha, agus na trí gheata iartharacha cathrach, Ludgate, Newgate, agus Aldersgate. Rinneadh luach airgeadúil an chaillteanais, a measadh ar dtús gur £100,000,000 in airgead an ama sin a bhí ann, a laghdú ina dhiaidh sin go £10,000,000 neamhchinnte (breis agus £1,000,000,000 i bpuint 2005). Chreid Evelyn go bhfaca sé, sna páirceanna i dtreo Islington agus [[Highgate]], suas le 200,000 duine de gach aicme scaipthe agus iad ina luí in aice leis na cairn earraí ar éirigh leo a shábháil.
=== Iarmhairtí an dóiteáin ===
[[
D’éiligh uaireadóirí bogintinneach Francach, [[Robert Hubert]], go raibh sé mar ghníomhaire ag an bPápa agus gur thosaigh sé an Dóiteán Mór in Westminster. Glacadh lena admháil agus is sampla é sin den fhonn a bhí ann go n-aithneofaí daoine le bheith ina gceapa milleáin don dóiteáin. D’athraigh sé a scéal ina dhiaidh sin agus dúirt sé gur thosaigh sé an dóiteán ag an mbácús in Pudding Lane. Ciontaíodh Hubert, cé go raibh roinnt amhrais ann faoi cé chomh hinfheidhme is a bhí sé le pléadáil a dhéanamh. Crochadh é ag Tyburn, an 28 Meán Fómhair 1666.
Líne 96:
Éisteadh cásanna agus b'iondúil go dtabharfaí fíorasc laistigh de lá. Gan an Chúirt Dóiteáin a bheith ann, chuirfeadh imris fhada dlí moill mhór ar an atógáil, rud a bhí ríthábhachtach dá mba rud é go raibh Londain chun teacht chuici féin arís. Le spreagadh ó Shéarlas, bhí scéimeanna radacacha atógála don smúrabhán de Chathair ag madhmadh isteach.
Dá ndéanfaí í a atógáil de réir na bpleananna sin, bheadh Londain chomh hollásach le Páras i stíl Bharócach (feic plean Evelyn ar dheis).
Toisc nach raibh na castachtaí úinéireachta réitithe, ní fhéadfadh aon cheann de na scéimeanna móra Barócacha le haghaidh Cathair de chearnóga ar stíl Iodáileach agus ascaillí a chur i ngníomh; ní raibh aon duine ann le dul chun réitigh leo agus ní raibh aon bhealach ann chun méid an chúitimh ba chóir a íoc a mheas. In ionad sin, rinneadh an seanphlean sráide a athchruthú sa Chathair nua, le feabhsuithe i gcúrsaí sláinteachais agus sábháilteacht dóiteáin: sráideanna níos leithne, céanna oscailte agus inrochtana feadh fhad na Tamaise, gan teach ar bith ag cur isteach ar an mbealach isteach chuig an abhainn, agus, an rud ba thábhachtaí, foirgnimh a bhí tógtha le brící agus clocha, seachas adhmad. Tógadh foirgnimh nua phoiblí ar láithreacha na gceann a bhí ann rompu: seans maith gurbh í [[Ardeaglais Naomh Pól]] an ceann is cáiliúla, agus cinn chosúla a bhí níos lú, an caoga eaglais nua de chuid [[Christopher Wren.]]
Líne 108:
Marcálann seádchomhartha eile, ''The Golden Boy'' ar Pye Corner in Smithfield, an áit ar stopadh an dóiteán. De réir na hinscríbhinne, toisc gur thosaigh an dóiteán ag Pudding Lane agus gur stop sé ag Pye Corner, thaispeáin sé sin go raibh an Dóiteán mar fhianaise ar dhíbheirg Dé ar Chathair Londain as peaca an chraois.
Creidtear gur mharaigh eipidéim na [[an Phlá Mhór|Plá Móire]] sa bhliain 1665 séú cuid d'áitritheoirí Londan, nó 80,000 duine. Deirtear uaireanta, toisc nár tharla eipidéimí plá arís i Londain i ndiaidh an dóiteáin, gur shábháil an Dóiteán Mór daoine i ndeireadh na dála toisc gur dhóigh sé cuid mhór den tithíocht mhíshláintiúil mar aon leis na [[francach|francaigh]] agus a n[[dreancaid|dreancaidí]] a ghabh léi. Ar ndóigh ba iad na francaigh agus na dreancaidí sin a d’iompair an phlá. Easaontaíonn staraithe maidir le cibé acu ar chuir nó nár chuir an dóiteán cosc ar mhór-ráigeanna ina dhiaidh sin. Maítear ar láithreán gréasáin de chuid [[Iarsmalann Londan]] (The Museum of London) go raibh baint aige leis, ach luann an staraí [[Roy Porter]] nach ndeachaigh an dóiteán in aice leis na codanna ba mhíshláintiúla i Londain, na plódcheantair bhruachbhailteacha.
[[Catagóir:Londain]]
Líne 118:
[[br:Tan-gwall bras Londrez]]
[[ca:Gran incendi de Londres]]
[[cs:Velký požár Londýna
[[cy:Tân Mawr Llundain]]
[[da:Storbranden i London]]
|