An difríocht idir athruithe ar: "Idirnáisiúntas Sóisialach"

(ceartlitriú)
Téann stair an Idirnáisiúntáin Shóisialaigh ar ais go dtí bunú an [[Dara hIdirnáisiúntán]], sa bhliain 1889. Tháinig scoilt ar an Idirnáisiúntán seo nuair a phléasc an [[Chéad Chogadh Domhanda]] amach, agus hathbhunaíodh, mar Idirnáisiúntán na Sóisialach agus an Lucht Oibre, sa bhliain 1923 é. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh cuid mhaith de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin seo faoi chois, agus tháinig sé le chéile arís i ndiaidh an chogaidh. B'ansin a fuair sé an t-ainm atá ar an eagraíocht inniu.
 
Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuidigh an tIdirnáisiúntán Sóisialach le bunú nó athbhunú páirtithe daonlathacha sóisialacha i dtíortha a bhí ag teacht chucu arís i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh ina ndeachtóireachtaí, ar nós na [[An Phortaingéil|Portaingéile]] agus na [[An Spáinn|Spáinne]]. Sna hochtóidí, bhí cuid mhór de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntáin ag tacú leis na [[Saindinistithe]] i [[Nicearagua]], agus an páirtí seo i ndiaidh naimhdeas na Stát Aontaithe a tharraingt air lena chuid polasaithe cléacha. Idir an dá linn, d'fháiltigh an tIdirnáisiúntán an páirtí Saindinistíoch mar bhallpháirtí, maille le páirtithe áirithe iar-Chumannacha, ar nós na nDaonlathach Clé ón [[An Iodáil|Iodáil]] agus [[FRELIMO]] ó [[Mósaimbíc|Mhósaimbíc]].
 
Fo-bhalleagraíocht de chuid an Idirnáisiúntáin Shóisialaigh is ea é Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha, is é sin, faicsean na sóisialaithe daonlathacha ar an bPairlimint Eorpach.
 
Sa bhliain 2006, is é Giorgos Papandreou, cathaoirleach Ghluaiseach Pan-Heilléineach na Sóisialaithe, atá i gceannas ar an Idirnáisiúntán Sóisialach. Tháinig sé i gcomharbas ar António Guterres, an Sóisialach Portaingéileach a bhí san oifig chéanna ón mbliain 1999 ar aghaidh.
 
==Nasc seachtrach==