An difríocht idir athruithe ar: "L. L. Zamenhof"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: es:L. L. Zamenhof, la:Ludovicus Lazarus Zamenhof; cosmetic changes
Líne 5:
[[Giúdachas|Giúdach]] [[an Pholainn|Polannach]] ab ea Zamenhof. An tsíorchoimhlint de dheasca míthuisceana bunaithe ar éagsúlacht na dteangacha ina chathair dhúchais, Bialystok, chuir sí isteach air go mór agus é ina pháiste óg. Cathair an-ilteangach ba ea Bialystok: de réir dhaonáireamh na bliana 1897, seo mar a bhí catagóirí an daonra: Giúdaigh 66%, Polannaigh 18%, Rúisigh 8%, Gearmánaigh 6%, Béalarúisigh 2%. Mar sin bhí cúig theanga le cloisteáil go laethúil sa chathair, nach raibh mórán thar 30,000 duine ina gcónaí inti an tráth sin.
 
== Gairmréim ==
==== Esperanto ====
D'fhoilsigh Zamenhof an chéad leabhar (''Unua Libro'') ar Esperanto i gcathair [[Vársá]] na Polainne an 26 Iúil [[1887]]. Chuir sé roimhe teanga neodrach, shofhoghlamtha a chur ar fáil, a chuirfeadh ar chumas daoine ó chúlraí teanga éagsúla labhairt go líofa ar bhonn an chothraim lena chéile,agus a dteangacha féin a choimeád agus a fhorbairt freisin. Éireannach darb ainm Richard Geoghegan a scríobh an leagan Béarla den Unua Libro. Óna chuid staidéir ar an mBéarla thuig sé nár ghá castachtaí gramadaí na Sean-Ghréigise nó na Rúisise chun teanga shaibhir, fhorbartha a chur ag feidhmiú. Tá timpeall 2-3 mhilliún duine ar fud an domhain a bhaineann feidhm as [[Esperanto]]. I leagan Esperanto den Vicipéid tá breis is 120,000 alt, rud a fhágann Esperanto sa 21ú háit as 270 teanga as líon alt a Vicipéide.
 
==== Teangacha Zamenhof ====
Giúdais a labhair a mháthair leis agus Rúisis a labhair a athair. As Rúisis a fuair sé a chuid oideachais. I litir an 8 Márta 1901 (chuig Th. Thorsteinsson) scríobh Zamenhof "Is í an Rúisis mo theanga dhúchais; ach anois is mó a labharaím Polainnis..." Polainnis a labhraíodh sé lena chlann féin sa bhaile. Is óg a d'fhoghlaim sé Gearmáinis agus Fraincis, an Eabhrais, agus ar scoil dhein sé staidéar ar Shean-Ghréigis, Laidin agus Béarla. Is cosuil go raibh breaceolas ar Spáinnis, Liotuáinis agus Volapuk aige. Dúirt sé féin gurbh iad Polainnis, Rúisis agus Gearmáinis na teangacha a bhí go líofa aige, is nach raibh sé chomh líofa as Fraincis. Is cosúil gur leagan Gearmáinise de "Hamlet" a d'úsáid sé chun Esperanto a chur ar dhráma cáiliúil Shakespeare.
 
==== Fealsúnacht Zamenhof ====
Chreid Zamenhof chomh daingean sa chomhthuiscint gur bhunaigh sé gluaiseacht "[[homaranismo]]", bunaithe ar an bhfocal ''homaro'' (an cine daonna) chun comhthréithe na bpríomhreiligiún a chur ar pháipéar agus meas a chothú orthu, gan cur isteach ar neamhspleáchas na reiligiún éagsúla. Mheas sé gur cheart do dhaoine a aithint gur daoine sa chéad áit iad, seachas Rúisigh, Gearmánaigh, Polannaigh, srl.
 
==== Stair a chlainne ====
Dhúnmharaigh na [[Naitsithe]] beirt iníon Zamenhof, Lidja agus Zofia, i gcampa báis Treblinka, agus lámhach siad mac Zamenhof, Adam, a bhí ag obair mar ollamh i nDámh an Leighis in Ollscoil Vársá. Cé go raibh glactha ag Lidja leis an gcreideamh Baha'ii, ba Ghiúdach fós í, ó thaobh cine, i súile na Naitseach. Chaith Lidja an-dúthracht le múineadh Esperanto thar lear, sa Fhrainc, sa tSualainn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar shampla. D'aistrigh sí a lán litríochta go hEsperanto, m.sh. an dá imleabhar de ''Quo Vadis'' ón mbun-Pholainnis.
 
==== Saothar litríochta Zamenhof ====
Is liosta le háireamh an méid bunlitríochta a chum Zamenhof in Esperanto, agus an méid de mhórlitríocht teangacha eile a d'aistrigh sé go hEsperanto. File Giúdaise agus Rúisise ab ea Zamenhof freisin. I measc na n-aistriúchán tá an Sean-Tiomna iomlán, Hamlet Shakespeare, agus go leor de shaothar Goethe, Heine, Schiller, Gogol, Dickens, Orzeszko, Hans Christian Andersen, srl.
 
Líne 28:
 
{{síol}}
{{Nasc AR|eo}}
 
[[Catagóir:Esperanto|Zamenhof, L. L.]]
Line 36 ⟶ 35:
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1859|Zamenhof, L. L.]]
[[Catagóir:Básanna i 1917|Zamenhof, L. L.]]
 
{{Nasc AR|eo}}
 
[[als:Ludwik Lejzer Zamenhof]]
Line 53 ⟶ 54:
[[en:L. L. Zamenhof]]
[[eo:L. L. Zamenhof]]
[[es:LázaroL. L. Zamenhof]]
[[eu:L. L. Zamenhof]]
[[fa:لودویک لازاروس زامنهوف]]
Line 70 ⟶ 71:
[[ja:ルドヴィコ・ザメンホフ]]
[[ko:라자로 루드비코 자멘호프]]
[[la:AloysiusLudovicus Lazarus Zamenhof]]
[[lt:Liudvikas Zamenhofas]]
[[lv:Ludviks Zāmenhofs]]