An difríocht idir athruithe ar: "Dolly Pentreath"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Meastar go minic gurbh í '''Dolly PentraethPentreath''' (Dorothy PentraethPentreath) (a d’éag i [[Mí na Nollag]], [[1777]]) an cainteoir aonteangach deireanach [[An Choirnis|Coirnise]] dá raibh ann (is é sin le rá an duine deireanach a labhair Coirnis amháin, agus ní [[Béarla]] chomh maith) — finscéal a bunaíodh as los an chuntais a scríobh Daines Barrington ag cur síos ar an agallamh a chuir sé ar Dolly. Thabhaigh sise clú agus cáil di féin mar gheall ar an nós a bhí aice le bheith ag cur a hilmhallachtaí sa gCoirnis bhorba fhraochta ar dhaoine nuair a bhíodh fearg uirthi.<ref>[http://www.britannia.com/history/legend/cornish/cornss03.html Britannia]</ref> Lena bás, bhí an Choirnis marbh mar teanga phobail go bunúsach. De réir an fhinscéil, ba iad "''Me ne vidn cewsel Sawznek!''" (“Nílim ag iarraidh Béarla a labhairt!”) na focail dheiridh a dúirt sí. Ach is dócha gurbh in an gnáthfhreagra a bhíodh aici nuair a cuireadh caint uirthi sa mBéarla. Meastar gurbh é Cheston Marchant ó Gwithian an cainteoir dúchais Coirnise aonteangach deireanach, fear a fuair bás sa mbliain 1665<ref>http://www.magakernow.org.uk/index.aspx?articleid=38590</ref>, agus go raibh Béarla ag Dolly freisin mar sin.
 
==Beathaisnéis==