An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Óg Ó Cianáin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 15:
: ''(In Antwerp.)'' Ar an tslí rompu gabhaid thar ruibhéar rómhór do thig ó Ghant. Leac oighre abhalmhór ar an ruibhéar. Beirid a n-eachra ar ardánaibh leo go meán in tsrutha ar an leic. Cuirid ansin i mbádaibh iad do ché oighre, 'na mhacasamhail i dtír don taobh araill. Rángadar fort atá os urchomhair chathrach Antuerp, Ceann Fhlónndrais a chomhainm. D’fhágadar ann a n-eachra. Do chuadar féin i mbádaibh gus an gcathraigh. Iar ngabáil tigh ósta éiríd d'fheiscint chaisleáin Antueirp. Measaid agus breathnaíd cách go bhfuil an caisleán sin ina mhéid féin ar oibreachaibh lándaingne na Críostaíochta.
 
: ''(Sliabh Alpa.)'' Do bhí an sliabh líonta lán de shneachta agus d'oighre, de shlite agus de chosrachaibh caolchúnga corracha. Rángatar droichead comhard a bhí i ngleann ródhomhain, Droichead an Diabhail a chomhainm. Aroile d'eachra Uí Néill ar a raibh páirt dá airgead dá iompar, timpeall sé fichid éigin punt, titeann sé síos re beinn an ailt imaird oighreata shneachtaí do bhí os urchomhair inan droichid. Fuarthas saothar dearmhair ag tabhairt an eich amháin aníos. Cinneann agus comhairlíonn an t-airgead fanúint ag imchoimhéad an tsrutha agairbh imdhomain ainiarmhartaigh a ghabhas faoin droichead trí cheartlár an ghleanna. Do bhíodar an oíche sin i mbaile beag dar comhainm Piedimonte. Sé léige a n-aistear an lá sin.
 
: ''(Tinte ealaíne sa Róimh.)'' An tairmtheacht os Chaisleán na nAingel arna chomhlíonadh de shoilsibh éagsúla. Pictiúir iolair agus dragúin arna ndealbhadh go hintleachtach aigeantach suadhúil os Chaisleán na nAingeal, is iad arna n-imdhéanamh agus arna gcomhlíonadh ó phúdar ar an taobh istigh. Timpeall chloig Ave-Maria do bhuain deoidh lae adhantar tinte insna héanaibh éagsúla iontacha sin. Ansin scuchaid agus comhlasaid in éineacht agus in aon fhábhall gur ligeadar caora agus casracha go gceathaibh toirneacha tintrí tritheamhrua os ard ionas gur choimhlíonadarchomhlíonadar méid áirithe don aér eadaruas os an gcaisleán de na ceathaibh agus de na frasaibh tintrí do ligeadar. Ba leor de chúis uafáis agus iontais an domhain fri fear a neamhfheisceana gus an tan sin bheith ag a bhfeiscint.
 
==Leabhair agus Ailt==