An difríocht idir athruithe ar: "An Albáinis"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 14:
|iso3=sqi
}}
Is teanga [[Teangacha Ind-Eorpacha|Ind-Eorpach]] í an '''Albáinis''' (''Gjuha Shqipe'' [ˈɟuˌha ˈʃciˌpɛ] nó ''Shqip'' [ʃcip] sa teanga féin). Tá sí ina haicme féin i measc na dteangacha Ind-Eorpacha, nó tá sí chomh breac le hiasachtaí ó theangacha eile agus go bhfuil sé deacair a rá go cruinn cá bhfuil sí i gcrann ginealais na fine teangacha.
Labhraítear í san [[An Albáin|Albáin]], sa [[An Chosaiv|Chosaiv]] agus i gceantair áirithe i [[Montainéagró
== Na Canúintí ==
Líne 23:
Is iad na difríochtaí is tábhachtaí idir an dá phríomhchanúint ná go seasann ''n'' na Géigise go minic do ''r'' na Toscaise: G ''râna'', T. ''rëra'' "gaineamh", agus go n-aithníonn an Ghéigis na gutaí fada thar na gutaí gearra. Is minic a chloistear an t-''a'' fada (â) in áit ''e'' gearr doiléir na Toscaise (ë) sa Ghéigis.
Maidir leis na canúintí a labhraítear sa Ghréig agus san Iodáil, Toscais atá iontu, ach is léir go bhfuair siad cuid mhaith focal ar iasacht ó mhórtheangacha na dtíortha sin, agus níl siad chomh hintuigthe ag cainteoirí Toscaise ón Albáin is a shílfeá.
== An Ghramadach ==
Ó thaobh na gramadaí de, tá an Albáinis sách cosúil leis na teangacha Balcánacha eile, cé nach bhfuil dlúthghaol aici leo. Cuirtear an t-alt leis an bhfocal mar iarmhír: ''mal'' "sliabh", ''mali'' "an sliabh" - sin rud a bhíonn an-choitianta sna Balcáin. Tá trí inscne ag na hainmfhocail, agus díochlaontar i sé thuiseal iad (an t-ainmneach, an ginideach, an t-áinsíoch, an tabharthach, an t-ochslaíoch agus an gairmeach), cé gur minic a bhíonn an iarmhír chéanna ag dhá nó trí thuiseal, agus is féidir a rá nach bhfuil sa ghinideach féin ach dul cainte ar leith a bhaineann úsáid as foirm an tabharthaigh.
Tá sé níos deacra na briathra a réimniú, nó tá sé mhodh agus trí aimsir ann, chomh maith le cúig aimsir chomhshuite (cosúil le ''tá sé déanta'' na Gaeilge). Is é an modh is suimiúla acu ná an modh moltach, a chuireann in iúl gur tháinig rud éigin aniar aduaidh ar an gcainteoir nó gur ábhar molta nó adhnua é:
* ''Ti flet shqip'' "Labhraíonn tú Albáinis" (modh táscach: fíric a chuirtear in iúl)
* ''Ti fliske shqip!'' "Labhraíonn tú Albáinis!" (modh moltach: "Dar Dia, tá Albáinis agat, ní raibh súil ná coinne agam leis!")
== Sampla ==
|